RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Adhmhaidin 25 Bliain ar an aer

Tá Adhmhaidin ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer i mbliana. Craoladh an chéad eagrán ar Luan Cásca 1986.

Bhí Adhmhaidin ar an bhforbairt ba mhó a rinneadh ar Raidió na Gaeltachta ó bunaíodh na tseirbhís agus is iomaí scéal a tháinig chun solais ar dtús ar Adhmhaidin i gcaitheamh na mblianta agus ní scéalta Gaeilge ná Gaeltachta amháin iad. Dúradh go minic go mbeadh faillí dá dhéanamh ag polaiteoirí agus acu siúd a bhí bainteach le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta muna mbeadh cluais acu i dtús an lae le Adhmhaidin. Bhí a chruthúnas sin le fáil arís le linn olltoghchán na bliana seo i bhfianaise na conspóide ollmhór a tharraing an t-agallamh a craoladh le hEnda Kenny faoin nGaeilge san Ardteist.

Ba mhinic tuairisceoirí ón gclár i láthair ag ocáidí móra ag baile agus thar lear i gcaitheamh na mblianta, ocáidí móra polaitíochta agus Dála ar nós Aoine an Chéasta i Stormont mar shampla, toghcháin Mheiricéa, agus toghchán Bharack Obama go deireanach nuair a rinneadh craoladh stairiúil beo ó Nua Eabhrac ar an gclár, aistriúchán comhuaineach ar óráid Obama ó Grant Park i Chicago san áireamh. Ba minic chomh maith, agus iad ag plé le scéalta nuachta idirnáisiúnta, go mb'éigean d'fhoireann an chláir Gaeilgeoirí a aimsiú in áiteanna i bhfad ó bhaile ar bheagán fógra.

Ar Luan Cásca craolfar eagrán speisialta d'Adhmhaidin ó 8am go dtí 9.30am. Craolfar na gnáthmhíreanna ag díriú ar nuacht an lae go Náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus sa nGaeltacht. Beidh roinnt míreanna speisialta agus míreanna cartlainne ar an gclár seo freisin. Mar chuid den chomóradh craolfar eagrán speisialta den chlar ó Bhéal Feirste chomh maith ar 6 Bealtaine, an lá a mbeidh comhaireamh na votaí ar siúl i dtoghchán an Tionóil ó thuaidh.


Flagship current affairs programme Adhmhaidin is celebrating 25 years on air, having first aired on Easter Monday 1986.

The advent of the programme was a major development for the station, and involved an extension of its broadcasting hours. The programme took its place on the national media stage that year where it has remained ever since. It has often been said that politicians, particularly those with an involvement in Gaeltacht and Irish language affairs, would be wise to keep an ear to the programme each morning or suffer the consequences, a point which was illustrated recently by Enda Kenny's interview on Adhmhaidin during the General Election campaign confirming his intention to review compulsory Irish at Leaving Cert level.

The programme has always covered national and international news stories, as well as stories of Gaeltacht and Irish-language interest. Programme team members travelled to the US to cover several of the presidential elections, including the most recent in 2008, and coverage of Barack Obama's historic win included a simultaneous translation of his victory speech from Grant Park, Chicago. Covering international news stories as Gaeilge is not without its challenges, and Irish speakers from some of the most far flung places in the world have been located at short notice to speak on the programme.

Adhmhaidin will mark 25 years on air on Easter Monday with a special extended programme from 8 am featuring all the news stories of the day, as well as a look back at the history of the programme. The programme will also broadcast a special edition from Belfast on 6 May, the day the votes in the Northern Assembly Elections will be counted.