Adhmhaidin Dé hAoine 22 Nollaig 2017
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Chaill 32 duine gcuid postanna nuair a dúnadh an comhlacht SLM i nGaoth Dobhair go tobann tráthnóna inné - thug Aodh Máirtín Ó Fearraigh cuairt ar an gcomhlacht go gairid théis do na hoibrithe an droch scéala a fháil.
Dúirt Údarás na Gaeltachta nach raibh aon eolas tugtha dóibh féin faoi chomhlacht SlM a bheith le dúnadh.
Tá díomá ar an Teachta Dála Ó Muineacháin go bhfuil an phlé a bhí le bheith ann do phlean tuillte Bhaile Mhúirne curtha siar go dtí an chéad bhliain eile.
Tá an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta is cosúil leis an allúntas bliantúil de €100,000 a bhí luaite le plean teanga a ardú go dtí €150,000, le haghaidh 5 Limistéir Pleanála Teanga, Conamara Láir, Oileáin Árann agus Cois Fharraige san áireamh.
Tionchar na socruithe atáthar a dhéanamh d'imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ar chúrsaí Inimirce idir an Bhreatain, Éire agus Tíortha eile an Aontais.
Dúirt an Taoiseach nach féidir riail dhíreach a chur i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann - fiú má leanann an tsáinn gan réiteach ann.
Is Spáinneach í Lucia agus tabharfaidh sí eolas faoin méid atá á rá sa Spáinn faoi thoradh thoghchán réigiúnach na Catalóine a ritheadh inné.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha