Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Déardaoin 17 Iúil 2014

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Mary Clancy ,Léachtóir Staire , Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Dearca ó stairí ar stair shóisialta na hÉireann ar an gCoimisiún Fiosrúcháin atá fógraithe ag an rialtas faoina Tithe Mátháireacha agus Leanaí. An Breitheamh Yvonne Murphy an cathaoirleach.

Éist anois

Noirín Ní Mhaoldonaigh, Comhlucht Dive Arranmore .

Súil le ardú ar líon na dtumadóirí in Árainn Mhór de bharr bad nua ard chaighdeáin a bheith i mbun oibre.

Éist anois

John Downing, The Irish Independent.

Tuarascáil inné faoi na leanaí a bhásaigh agus iad i gcúram an stáit agus fógairt Yvonne Murphy i gceannas Choimisiún fiosriúcháin Tithe Máthar agus Leanbh. Comhchoiste Oireachtais ag plé cás cheolchoirm Garth Brooks inné agus arís inniu.

Éist anois

An tAire Stáit Joe Mc Hugh -Mír ó dhíospóireacht Dála an lae inné faoi chúrsaí Gaeltachta .

An tAire nua Stáit Joe Mc Hugh ag freagairt ceisteanna ar urlár na Dála inné .

Éist anois

John Walsh,Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann , Gaillimh.

An díospóireacht faoi chumas Gaeilge an Aire Stáit nua cheaptha Gaeltachta. Tuairimí ó léachtóir sinsearach Gaeilge agus údar ar chearta agus reachtaíocht teanga.

Éist anois

Éamon Ó Cuív, TD , Fianna Fáil .

Todhchaí na seirbhíse farantóireachta go hInis Mór Árainn : An cheist a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív sa Dáil inné ar an Aire agus Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon , Oidhreachta agus Gaeltachta.

Éist anois

Dr. Donncha Ó Grádaigh, Ospidéal Phort Láirge.

An imní atá san oir-dheisceart go bhfuil moill déanta le earcú comhairleoirí leighis a dhéanann cúram de ghalair cnis i n-Ospidéal Phort Láirge .

Éist anois

Seán Hade , Feachtas Smallhorne and Barrett.

Páirteach sa bhfeachtas ar son Derek Smallhorne and Thomas Barrett, saighdiúirí Eireannacha a maríodh sa Liobáín i 1980. Fear le n-eiseachadadh as Meiriceá a bhfuil amhras go raibh sé bainteach lena marú.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal