Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Céadaoin 16 Iúil 2014

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

John Downing, Comhfhreagróir Polaitíochta , The Irish Independent.

Na hAirí Stáit nua agus scéal an Aire Stáit Gaeltachta nach bhfuil líofa sa nGaeilge. Míreanna : Harry McGee, The Irish Times , mar a labhair sé linn inné. Éamonn Ó Cuív, TD, ag labhairt tráthnóna inné.

Éist anois

Aodhán Ó Riordáin , TD Aire Stáit.

An tAire Nua Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannas agus sa Roinn Ealaíona Oidhreachta agus Gaeltachta.

Éist anois

Pat Carey, Iar Aire Gaeltachta agus Déaglán de Bréadúin, The Irish Sun.

Iar Aire Gaeltachta agus Cathaoirleach ar Ghlór na nGael - a thuairim faoi cheapachán Joe McHugh mar Aire Stáit Gaeltachta cé nach bhfuil Gaeilge ar a thoil aige. Déaglán de Bréadúin, Comhfhreagróir Polaitíochta ,The Irish Sun : An é seo an chéad uair gur cuireadh Roinn na Gaeltachta faoi chúram Airí a bhí ar bheagán Gaeilge?.

Éist anois

Trevor Ó Clochartaigh , Seanadóir , Sinn Féin.

Urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin sa Seanad faoina dhearca ar cheapachán an Aire le cúramaí Gaeltachta.

Éist anois

Donnchadh Mac Fhionnlaoich , TD ,Fine Gael, Iar Aire Stáit na Gaeltachta.

Tá Iar Aire Stáit na Gaeltachta cinnte go mbeidh an tAire Stáit le cúramaí Gaeltachta nua cheaptha, Joe McHugh, ábalta a chuid dualgais a chomhlíonadh go héifeachtach, bíodh is nach bhfuil Gaeilge líofa aige.

Éist anois

Séamus Ó Drisceoil, Oileán Chléire.

Tá suas le €6,000 caillte ag seirbhís farantóireachta Oileán Cléire i gCorcaigh, a bhí ag iarraidh tús a chur le seirbhís nua bus agus bád go dtí an toileán ó chathair Chorcaí an Samhradh seo.

Éist anois

Séamus Breathnach, Fianna Fáil . Comhairleoir Contae , Gaillimh.

Is in Uachtar Ard a bheas an t-ionad buan le haghaidh na gcruinnithe ag Comhairle nua Bárdasach Chonamara.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal