Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Luain 14 Iúil 2014

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Éist anois

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Máirín Ní Ghadhra.
Éist anois

Eoin Ó Murchú, Iriseoir & Tráchtaire Polaitiúil.

An tAtheagar ar an gComhrialtas a fógraíodh Dé hAoine seo caite.
Éist anois

Ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams.

Cuirfidh an Rialtas borradh faoin gcaoi a ndéileáiltear leis an bPróiseas Síochána agus an tAire nua Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan ceapaithe.
Éist anois

Pádraig Ó Tuama, Bainisteoir Foraoiseachta le Coillte.

Beidh coill Ghúgán Barra i gceantar Gaeltachta Mhúscraí ag oscailt don phobal arís inniu, tar éis don choill a bheith dúnta ó mhí Éanair na bliana seo.
Éist anois

Mícheál Ó hUanacháin.

Cúrsaí sa Mheán Oirthir agus an trodaíocht fós ag tarlú idir Iosrael agus na Palaistínigh.
Éist anois

An tIar Sheanadóir Breandan Ryan.

An t-atheagar Rialtais agus an t-athrú ceanaireachta an chomhrialtas a fógraíodh Dé hAoine seo caite.
Éist anois

Éamonn Ó Cualáin.

Fleadh Scannán na Gaillimhe críochnaithe ó aréir. Dúirt Éamonn go mbeidh nua mar í le bunú sa gClochán i mí meán an Fhómhair, sin í Féile Scannán agus Teilifíse Bhóthar na Spéire agus beidh sé fhéin mar chathaoirleach ar an bhféile.
Éist anois

Séamus Mac Ruaidhrí.

Deir Séamus Mac Ruaidhrí ball de Chomhairle an Iarthair go bhfuil an chomairle ag tacú le moltaí na tuarascála ar Fhorbairt Eacnamaíochta Cheantair Tuaithe CEDRA agus ag iarraidh ar an Rialtas iad a chur i bhfeidhm go práinneach le ceantar tuaithe a thabhairt slán.
Éist anois

Sorcha Nic Mhathúna, ón Eagraíocht Oxfam.

Beidh ar mhná i dtíortha an G20 fanacht 75 bliain le go saothróidh siad an oiread le fir de réir tuarascála nua a d'fhoilsigh Oxfam inniu.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal