Adhmhaidin

Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Máirt 1 Iúil 2014

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Príomhscéalta Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Máire de Bhailís.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Príomhscéalta an Iarthair.

Caitlín Ní Chualáin.

Príomhscéalta an Deiscirt.

Jeaicí Mac Gearailt.

Nuachtáin.

Gormfhlaith Ní Thuairisg.

Scéalta Spóirt.

Gearóidín Nic Con Iomaire.

Seán Ó Corráin.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag bailiú an cháin mhaoine ó phá na ndaoine nach bhfuil sé íoctha acu go dtí seo.

Míchéal Ó Coileáin.

Ionad Dramhaíola i Muing na Mionnán, le dúnadh ar an aonú lá déag don Mhí seo.

Deirbhile Nic Craith.

Tuairim an INTO faoin méadú atá ag teacht ar ranganna sna scoileanna Náisiúnta agus 10,000 dalta scoile nua tagtha isteach sa chóras le bliain anuas.

Keywords

John Downing.

Pléifear éirí as Ray Leonard, Leas Stiúrthóir na bhfiosraithe le GSOC agus moltaí an chomhchoiste Dlí agus Cirt ar Acht an Gharda Síochána 2005 ag cruinniú Rialtais na maidine.

Colm Ó Broin.

Tháinig deireadh oifigiúil inné le maoiniú na n-eagraíochtaí Gaeilge ar fágadh ar láir as an tSamhail Nua Maoinithe - cá bhfágann sé na 11 eagraíocht anois agus na pobail a rabhadar ag freastal orthu?

Séamus Ó Mac Giolla Bhuí.

Beidh teora leis an méid feirmeacha gaoithe a cheadófar i gContae Dhún na nGall feasta mar gheall ar na leasaithe ar glacadh leo ar Phlean Forbartha an Chontae ag cruinniú speisialta den Chomhairle tráthnóna inné.

Liadh Ní Riada.

An chéad seisiún den Pharlaimint nua Eorpach i Strasbourg inniu. Liadh le ceisteanna a chur le linn an tseisiúin seo faoina hathruithe atá molta ag an rialtas a dhéanamh ar riaradh an chláir Leader sa tír seo.

Cathal Ó Conchubhair.

Beidh ualach mór ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe má táthar le Calafort na Gaillimhe a chur faoina smacht.

Adhmhaidin

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

adhmhaidin@rte.ie

+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623 
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114 
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís