Adhmhaidin Dé Céadaoin 25 Meitheamh 2014
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Sorcha Ní Chéilleachair.
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.
Cáit de Bhailís.
Jeaicí Mac Gearailt.
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Ciarán Ó Fatharta.
An cruinniú faoi cheist na gceadúnas bainte feamainne a bhí ag ionadaithe poiblí ón iarthar aréir leis an Aire Stáit sa Roinn Comhshaoil Jan O Sullivan.
Tuilleadh plé agus argóna sa Dáil inné idir an Taoiseach agus ceannaire Fhianna Fáil faoin bhfiosrúchán baincéireachta. Tá Brian Crowley, MEP, caite amach as Páirtí Parlaiminte Fhianna Fáil.
Na gealúintí atá faighte acu go bhfuil feabhsúchán le déanamh ar an gcóras leathan bhanda ar an oileán.
Tuarascáil athbhreithnithe eacnamaíochta ráithiúil NERI foilsithe - €800 milliún an ciorrú a mholann NERI don bhuiséad in áit €2billiún.
Comóradh á dhéanamh inniu sa Bhruiséil ar bhunú Choiste na Réigiúin san Aontas a bunaíodh scór bliain ó shin. Iar Uachtarán ar an gcoiste é Seán O Neachtain.
Toscaireacht ó Pháirtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas ar thuras sa mBruiséil leis an gclár "Leader"a phlé.
Cén fáth atá leis an seasamh láidir atá glactha ag Príomh-Aire na Breataine David Cameron ar chás Uachtaránachta an Choimisiúin Eorpaigh - an dearca sa mBreatain. An bhfuil an príomh-aire faoi bhrú i ndiadh toradh an chás cúirte News of the World inné inár ciontaíodh a iar chomhairleoir Andy Coulson?
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha