Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Máirt 17 Meitheamh 2014

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Na Príomhscéálta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Séamus Mac Donnchadha.

Éist anois

John Downing, Comhfhreagraí leis an Irish Independent.

An Rialtas le cártaí leighis roghnach a thabhairt ar ais do na mílte daoine a chaill iad de bharr an athbhreithnithe. Duirt Joan Burton, go leanfaidh an Rialtas ar aghaidh ag iarraidh cúnaimh ar an Aontas Eorpach i dtaobh na bhfiacha bainc.

Éist anois

Fiachra Ó Céilleachair, Bord Údarás na Gaeltachta.

Creideann sé gurb iad Comhlacht Forbartha na nDéise is oiriúnaí a d'fhéadfadh tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga.

Éist anois

Conchubhar Ó Dálaigh, Tráchtaire ar an Úcráin.

Chas an Rúis as an soláthar gáis a dhíolann sí leis Úcrain inné.

Éist anois

Conall Ó Móráin, Saineolaí Airgeadais.

An grúpa comhairleach airgeadais ag tabhairt foláirimh don Rialtas, go bhfuil sé tábhachtach cloí leis na spriocanna a leag an Troika síos don tír do cháinfháisnéis 2015.

Éist anois

Séamus Ó Domhnaill, Comhairleoir Contae.

Tá cuid mhór eolais le fáil go fóill faoi obair na gCeantar Bardais úra - tábhachtach go ndéanfadh na Comhairleoirí uilig freastal ar na cruinnithe eolais atá eagraithe ag an Roinn Comhshaoil.

Éist anois

Cóilín Ó Neachtain, Tuairisceoir RnaG.

Tá grúpa déagóirí as scoil i West Roxbury i mBoston Mheiriceá ar chúrsa oideachais, oiliúna agus oidhreachta i Muintearas i gceantar na nOileán faoi láthair.

Éist anois

Séan Ó Briain, Iascaire.

Iarracht á dhéanamh ag iascairí intíre ó oileáin na hÉireann eagraíocht a bhunú le ionadaíocht a dhéanamh orthu.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Ábhar a casadh ar an gClár

  • Teideal: Maire Loch An Iuir
    Cumadóir: Malachy Duffin
    Ceoltóir(í): Malachy Duffin
    Ceoltóir(í): Malachy Duffin
    Albaim: ALP, 1002
    Faid: 0:40

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal