Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Céadaoin 4 Meitheamh 2014

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

John Downing, comhfhreagróir polaitíochta - The Irish Independent.

Tuairiscíodh aréir go bhfuil cóir leighis don ailse cnis faighte le cúpla mí ag an Aire Airgeadais Michael Noonan .

Éist anois

Tomás Mac Pháidín - Bord Oideachais -Gaillimh/Ros Comáin.

Níl Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin sásta leis an staidéar faoin tSeirbhís Aeir go hÁrainn. Níor dearnadh teagmháil leo nuair a bhí an tuarascáil á réiteach.

Éist anois

Conchubhar Ó Dálaigh, tráchtaire -Úcráin.

An tUachtarán Obama sa mBeilge do chruinniú mullaigh an G7 tráthnóna. Táthar ag súil go ndéarfaidh sé le ceannairí thíortha an Iarthair a dhearbhú arís go bhfuil siad aontaithe faoin Úcráin.

Éist anois

Sorcha Nic Mhathúna- Oxfam Ireland.

De bharr an mhíshuaimhnis pholaitiúil in oirthear na hEorpa tá Oxfam don bharúil go bhfuil baol géarchéime ann i dtaobh praghas fuinnimh agus go bhféadfadh an tionchar atá ag an athrú aeráide ar iompórtáil bia, an costas a ardú tuilleadh.

Éist anois

Noel Ó Gallchóir, Príomhoide , Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

'Siad na micléinn is mó a bhfuil tacaíocht uathu is mó a bhfuil faillí á dhéanamh orthu mar gheall ar chiorraithe oideachais dar le Príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Ábhar a casadh ar an gClár

  • Teideal: Maire Loch An Iuir
    Cumadóir: Malachy Duffin
    Ceoltóir(í): Malachy Duffin
    Ceoltóir(í): Malachy Duffin
    Albaim: ALP, 1002
    Faid: 0:40

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal