Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Máirt 6 Bealtaine 2014

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Sorcha Ní Chéilleachair.

Éist anois

John Downing - Irish Independent.

An ndéanfaidh gabháil Gerry Adams maitheas nó dochar do Shinn Féin sna toghcháin amach romhainn agus an Rialtas le táillí uisce a shocrú ag an gcruinniú Rialtais inniu.

Éist anois

Susan Ní Chúrnáin - Oifigeach Forbartha le hÚdarás na Gaeltachta.

Tá Comhairleoirí Margaíochta ón nGaillimh, Bane Mullarkey, le dul i mbun ceardlanna in Oifigí Údarás na Gaeltachta sa Daingean dírithe ar ghnó na turasóireachta, mar chuid do Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Éist anois

Breandán Ó Beirne - Comhairleoir Contae.

Thug an Comhairleoir Breandán Ó Beirne le fios do chruinniú poiblí i nGleann Cholm Cille aréir go bhfuil sé dóchasach go gcuirfear tús le Scéim Séarachais Ghleann Cholm Cille roimh dheireadh na bliana.

Éist anois

Éamonn Mallie - Iriseoir.

Cad atá i ndán don Fheidhmeannas ó thuaidh agus don chaidreamh idir na páirtithe Aontachtachta agus Poblachtánacha agus Gerry Adams ligthe saor?

Éist anois

Póilín Ní Chiaráin - Iriseoir sa Tuaisceart.

Cur síos ar na toghcheantair éagsúla sna sé chontae do na toghcháin áitiúla.

Éist anois

Páid Ó Neachtain - Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Cuirfear scéim nua teanga i bhfeidhim i gComhairle Contae na Gaillimhe inniu.

Éist anois

Diarmuid Ó Cadhla - Comhdháil an Phobail.

Grúpa í comhdháil an phobail atá ag iarraidh múnla nua daonlathais a chur i bhfeidhm sa tír agus tá ochtar déag iarrthóirí acu ar fud na tíre, triúr déag acu sin i gCorcaigh.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal