Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé hAoine 2 Bealtaine 2014

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

John Downing - Irish Independent.

Tá Gerry Adams fós á choinneáil ag póilíní ó thuaidh maidir le dúnmharú Jean McConville i 1972 agus dúirt Michael Noonan go mbeidh laghduithe cánach á dtabhairt ag a Rialtas sna buiséid amach romhainn.

Éist anois

Seosamh Ó Laoi - Comhairleoir Contae.

Is céim mhór chun cinn go bhfuil iarratas déanta ag an gComhairle Contae ar an Roinn Comhshaoil maidir le maoiniú a chur ar fáil le hionad do bhriogáid dóiteáin a thógáil ar eastáit tionsclaíochta an Údaráis ar an gCeathrú Rua a deir an Comhairleoir Seosamh Ó Laoi.

Éist anois

Seán de Buitléar - Páirtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas.

Tá airgead fógraithe an tseachtain seo do scéim caomhnaithe diúilicíní péarla fionnuisce i Loch Cárthaigh agus sa Pholl Gorm in Uíbh Ráthach.

Éist anois

Máirtín Breathnach - Bord Iascaigh Mhara.

Tá sé beartaithe ag BIM feirm eile éisc a fhorbairt amach ó Chósta na hÉireann anuas ar an gceann ollmhór atá siad ag iarraidh a chur i gCuan na Gaillimhe. Tá tairiscintí curtha amach acu ag iarraidh comhlacht chun staidéar tionchair timpeallachta a dhéanamh ar shuíomh in aice le hInis Bó Finne agus le hInis Tuirc.

Éist anois

Máirín Ní Ghadhra - Tuairisceoir RnaG

Próifíl ar Thoghcheantar Lár-Tíre/an Iarthuaiscirt agus agallamh le cuid de na hiarrthóirí atá ag rith sa toghcheantar i dtoghchán na hEorpa.

Éist anois

Séamus Mac Giolla Bhuí - Grúpa Eolais Fuinnimh na nGleanntach.

Tá Grúpa Eolais Fuinnimh na nGleanntach ag bailiú síniúcháin le haighneacht a chur chuig Comhairle Condae Dhún na nGall maidir le leasuithe a dhéanamh ar Phlean Forbartha na Condae

Éist anois

Julian de Spáinn - Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Feachtas seolta ag Conradh na Gaeilge le seirbhísí Gaeilge a lorg ó Ranna éagsúla Rialtais.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal