Adhmhaidin Dé Luain 28 Aibreán 2014
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Máire de Bhailís.
Áine Uí Laoithe.
Michelle Nic Grianna.
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Mícheál Mac Donnchadha .
Sraith pobalbhreitheanna foilsithe ag an Irish Independent, inniu , inné agus arú-inné. Sinn Féin, Fianna Fáil agus Neamhspleách neartaithe ; Fine Gael agus An Lucht Oibre faoi bhrú.
Slua ollmhór sa Róimh inné ag searmanas naomh ainmniú na bPápaí Eoin XX111 agus Eoin Pól 2. An Taoiseach Enda Kenny i láthair agus cuireadh go hÉirinn tugtha aige don Phápa Proinsias.
Bainisteoir Ghalf Chúrsa Cheann Sibéal i gCiarraí sásta leis an riocht ina bhfuil cúrsaí acu anois.
Dearcadh Rúiseach i Moscó faoi chás na hÚcráine, céard atá á rá sa Rúis faoi láthair.
Imní faoina rialacháin nua atá dá mbeartú le cur i bhfeidhm maidir le iascaireacht intíre.
An phróiseas Comhairliúcháin atá ar bun ag an gCoimisiún Um Rialacháin Fuinnimh faoi Uisce Éireann.
Éisteacht inniu sa gCúirt Chuarda Choiriúil BAC faoin bpianbhreith a gearrfar ar William McAteer agus Pat Whelan a fuarthas ciontach i gcás Anglo-Irish Bank.
Seacht gcomhlacht teicneolaíochta atá díreach bunaithe as Cúige Connacht agus Uladh páirteach i gcruinniú mullaigh de chomhlachtaí teicneolaíochta atá ar siúl inniu agus amárach sa mBruiséil.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha