Adhmhaidin Dé Máirt 15 Aibreán 2014
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Cruinniú an rialtais inniu . Ciorraithe sláinte agus ceisteanna eacnamaíochta faoi chaibidil inniu.
Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba,SNP ag díriú go láidir anois ar an reifreann neamhspleáchais. An chomhdháil mhór dheireanach thart acu roimh an reifreann a bheas ann ar an 18ú Meán Fómhair .
Vótáil Comhairle Contae Chiaraí inné gan glacadh le bunú Coiste nua Forbartha Pobail Áitiúil mar mhalairt ar an mBord Forbartha Contae .
Cás na hÚcráine ; caismirtí san oirthear ; cruinniú aréir ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh. Comhrá teilfóin idir Barack Obama agus Vladimir Putin.
Leasú molta ag O Cuiv ar an mBille Toghcháin (Leasú) 2014 sa Dáil anocht ag iarraidh go mbeadh toghcháin ar na hoileáin an lá céanna leis an mórthír.
Ag cruinniú Bhord Póilíneachta na Gaillimhe inné pléadh : Rásaíocht bhradach caranna i gConamara . An taifeadadh a bhí dá dhéanamh ar an teileafón i stáisiún Shráid an Mhuilinn i nGaillimh.
An phlé faoin scéim Gateway a rinneadh ag cruinniú Chomhairle Contae Dhún na nGall a bhí ar siúl inné .
Cothrom an lae inniu bliain ó shin a tharla an bhuamáil le linn an mharatóin i mBoston.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha