Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Déardaoin 6 Márta 2014

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

An tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn, Kevin de Barra & Seosamh Mac Donnacha.

Thug Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn teachtaireacht láidir inné go bhfuil díomá air agus gur cás leis an leibhéal íseal cumais Gaeilge atá sa Státchóras. Blaiseadh don ócáid a d'eagraigh sé don Iar Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin san Áras inné curtha le chéile ag ár dtuairisceoir Marion Ní Shúilleabháin.

Éist anois

Victor Bajda, Léachtóir in Ollscoil Mhoscó.

Dearcadh Rúiseach faoin méid atá á rá sa Rúis faoi chás na hÚcráine.

Éist anois

Donncha Mac Fhionnlaoich, Aire Stáit na Gaeltachta.

Dheimhnigh an tAire Gaeltachta gurb é an tAire um Chaiteachas Poiblí a bheas freagrach feasta as Oifig an Choimisinéara Teanga ós comhair Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha inné. Tuairisc le Mícheál Ó Leidhin.

Éist anois

Conchubhar Ó Giollagáin, Léachtóir in OÉ Gaillimh.

Bainistiú feirge atá sa coiste comhairleach a d'fhógair Aire na Gaeltachta. Cumadh an Straitéis agus Acht na dTeangacha sa chaoi is nach féidir iad a chur i bhfeidhm.

Éist anois

Seosamh Mac Coitir, Fear Gnó i gCóbh.

Beidh an líon is mó fós d'árthaí Pléisiúir ag teacht le cé i gCóbh Chorcaí i mbliana, agus súil leis an gcéad cheann ansin ag deire na míosa seo chugainn.

Éist anois

John Downing, Comhfhreagraí leis an Irish Independent.

Táillí uisce le fógairt roimh na dtoghcháin áitiúla & Eorpacha anois is cosúil.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal