Adhmhaidin Dé Céadaoin 12 Feabhra 2014
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
An Seanadóir Ó Domhnaill ag iarraidh ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan ceantair atá aitheanta i gCloich Cheannfhaola a bhaint as an Limistéir faoi Chosaint Speisialta /SPA.
Ceapachán an Choimisinéara Teanga nua Rónán O Domhnaill. An réitíonnna an ceapachán na deacrachtaí a léirigh Seán Ó Cuirreáin ?
Baill SIPTU in Aer Lingus agus sa DAA sásta a dhul i mbun stailce faoin gconspóid a bhaineann leis an ath- struchtúrú ar scéim phinsin na n-oibrithe.
Tá iarrachtaí ar bun i gceantar na nOileán forbairt a dhéanamh ar scéimeanna le níos mó fuinneamh in athnuaite a úsáid i dtithe.
Cúig bhliana fichead sa lá inniu a dúnmharaíodh an dlíodóir Pat Finucane i mBéal Feirste. Tá teaghlach Finucane i mbun feachtais ó shin ag éileamh fiosrúchán neamhspleách poiblí.
Tá scéim nua tacaíochta do tháirgeoirí beaga i gcúrsaí bí traidisiúnta le seoladh in Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí inniu.
Ómós don cheoltóir Seán Potts, a bhásaigh inné; duine do Cheoltóirí Chualann agus dona Chieftains.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha