Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Déardaoin 6 Feabhra 2014

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

An Nuacht, na Páipéir Nuachta & Spórt.

Príomhscéalta Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta, Nuacht an Iarthair, Nuacht an Deiscirt, Nuacht an Tuaiscirt, tuairisc ar na nuachtáin agus tuairisc spóirt.

Éist anois

John Downing, Tráchtaire Polaitíochta.

Tá cruinniú Speisialta Rialtais ann ar maidin le cúrsaí fostaíochta agus an damáiste atá déanta ag na tuillte a phlé.

Éist anois

Máirín Ní Ghadhra, Tuairisceoir RnaG.

Cuireadh tús inné le triail triúr fheidhmeannach ón mBanc Angla Éireannach atá cúisithe as cúnamh airgeadais mhí-dhleathach a thabhairt do shé dhuine dhéag.

Éist anois

Bríd Cranitch, Stiúrthóir Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne.

D'fhógair an Chomhairle Ealaíon go mbeidh ciorrú de 50% ar mhaoiniú Ionad Scannán Chorcaí i mbliana & nach mbeidh aon mhaoiniú á chur ar fáil i 2015.

Éist anois

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Tá cosc curtha ar úsáid na n-otharcharr poiblí atá i gceantar Charna agus Chorr na Móna de bharr caighdeáin agus rialacha nua atá curtha i bhfeidhm.

Éist anois

Cordelia Nic Fhearraigh, Gort a' Choirce

D'admhaigh Coiste Bainistíochta Áras Ghaoth Dobhair go ndearna siad botún fógra earcaíochta d'Altraí a fhoilsiú i nuachtáin i mbéarla amháin.

Éist anois

An tOllamh Mícheál Ó Cinnéide.

Creimeadh agus cosaint cósta i bhfianaise an dochair atá déanta an Geimhreadh seo.

Éist anois

Éamon Ó Cuív, urlabhraí talamhaíochta Fhianna Fáil.

Creideann an Teachta go mbeidh titim de €30, ar an meán, in aghaidh an heicteáir ar an teacht isteach a bheas ag feirmeoirí beaga i gceantar Chonamara.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal