Adhmhaidin Dé Céadaoin 15 Eanáir 2014
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Bríd Ní Chualáin.
Lusia Uí Bheaglaíoch.
Michelle Nic Grianna.
Beidh an Taoiseach faoi bhrú sa Dáil inniu nuair a chuirfear ceisteanna air faoi chonspóid Uisce Éireann agus an €85 milliun atá le caitheamh ag an gcomhlacht ar seirbhísí comhairleoireachta. Freisin inniu tá an tAire Oidhreachta & Gaeltachta, Jimmy Deenihan, chun socruithe nua a fhógairt maidir leis an gcosc ar mhóin a bhaint.
Chas Feisirí na hÉireann le Coimisinéir Forbartha Réigiúnaí an Aontais, Johannes Hahn, inné le tacaíocht airgid a fháil don tír seo le dul i ngleic leis an damáiste a rinne an drochaimsir.
Tá an baol ann má bhuaileann stoirm eile oileán Chléire ar chósta Chorcaí go luath caithfear bád farantóireachta an oileáin agus báid eile ansin a aistriú isteach go Dún na Séad ar an míntír dar le Séamus Ó Drisceoil.
Thug Ard-Stiúrthóir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios do Choiste Sláinte an Oireachtais inné go mb'fhéidir nach mbeidís in ann na héilimh ar fad atá ar an tseirbhís sláinte a chomhlíonadh i mbliana. Dúirt sé go bhfuil dúshlán mór airgid os a gcomhair i mbliana.
Bhí cathaoirleach agus baill don Fho-Choiste Oireachtais ar chúrsaí iascaireachta in Inis Oírr in Árainn inné, áit ar seoladh an tuarascáil faoina bhfuil i ndán do phobail ar oileáin bheaga agus atá ina gcónaí cois cósta sa tír seo.
Ba as an cás a chur iascairí na nOileán chun tosaigh a d'eascair an tuarascáil a foilsíodh inné i dtaca le caomhnú a dhéanamh ar phobail tuaithe, cósta agus oileán. Deir Aodh Mac Ruaidhrí, Cathaoirleach Choiste Iascairí Oileáin Dhún na nGall gurb é a sprioc ná iascaireacht na mbradán a thabhairt ar ais agus na hoileáin a choinneáil beo.
D'fhógair an Rialtas maoiniú de €12.5 billiún do chúrsaí talmhaíochta ar feadh na seacht mbliana seo romhainn inné. Tiocfaidh an chuid is mó den airgead ó Chomh-Pholasaí Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh nó an CAP mar a thugtar air.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha