Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Máirt 7 Eanáir 2014

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Mairín Uí Chéidigh, Boston .

Imeachtaí ag insealbhú Méara nua Bhostúin Marty Walsh a bhí ar siúl inné agus deireanach aréir-bhí Máirín ag na himeachtaí ar fad.

Éist anois

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin.

Éileamh ón Seanadóir ar chiste náisiúnta airgeadais le tabhairt faoin obair athchóirithe théis na stoirme.

Éist anois

John Downing , tráchtaire polaitíochta.

Cúrsaí polaitíochta ag tús na bliana -An Taoiseach ar thuras trádála thar lear ach cé na dúshláin atá amach roimh an rialtas i rith na bliana. Na gealúintí atá dá dtabhairt ag an rialtas le teacht i gcabhair ar obair dheisiúcháin ar dhamáiste na drochaimsire.

Éist anois

Midi Walsh, Deise i gcoinne na bPiolóin.

Inniú an lá deireanach a nglacfar le aighneachtaí maidir le cás thionscadal Gridlink faoina dtógfar piolóin chumhachta ar voltas ard ó Chorcaigh go Loch Gormain agus Cill Dara.

Éist anois

Dominic Ó Brollacháin MLA, Comhthionól thuaisceart Éireann.

Diúltaithe aréir ag an UUP de mholtaí chomhráití Richard Haass. Cén seans atá ann go ndéanfaidh na páirtithe aon socrú anois. Achoimre foilsithe aréir ag Haass dá chuid moltaí.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal