Adhmhaidin Dé Máirt 7 Eanáir 2014
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Lusia Uí Bheaglaoích.
Michelle Nic Grianna.
Mícheál Ó Leidhin .
Ciarán Ó Fátharta.
Imeachtaí ag insealbhú Méara nua Bhostúin Marty Walsh a bhí ar siúl inné agus deireanach aréir-bhí Máirín ag na himeachtaí ar fad.
Éileamh ón Seanadóir ar chiste náisiúnta airgeadais le tabhairt faoin obair athchóirithe théis na stoirme.
An phlé a rinne Comhairle Contae Charraí inné ar an damáiste atá déanta ag stoirmeacha sa taobh sin tíre.
Cúrsaí polaitíochta ag tús na bliana -An Taoiseach ar thuras trádála thar lear ach cé na dúshláin atá amach roimh an rialtas i rith na bliana. Na gealúintí atá dá dtabhairt ag an rialtas le teacht i gcabhair ar obair dheisiúcháin ar dhamáiste na drochaimsire.
Inniú an lá deireanach a nglacfar le aighneachtaí maidir le cás thionscadal Gridlink faoina dtógfar piolóin chumhachta ar voltas ard ó Chorcaigh go Loch Gormain agus Cill Dara.
Cruinniú buiséid Chomhairle Contae Dhún na nGall curtha ar athló deireanach aréir -cruinniú ann arís inniu.
Diúltaithe aréir ag an UUP de mholtaí chomhráití Richard Haass. Cén seans atá ann go ndéanfaidh na páirtithe aon socrú anois. Achoimre foilsithe aréir ag Haass dá chuid moltaí.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha