Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Luain 23 Nollaig 2013

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Éist anois

Eoin Ó Murchú-tráchtaire

Tá sé tagtha chun solais nach bhfuil Coimisiún na gCaighdeáin in Oifigí Poiblí nó SIPO in ann leanacht lena gcuid oibre, de bharr na bhfolúntas atá le líonadh ar an mbord riaracháin; Súil freisin ó Eoin ar bhuaic phointí polaitíochta 2013
Éist anois

Dara Ó Maoildhia -Arainn.

Tá cuid mhaith de mhilliúin euro caite ag athchóiriú tithe aonair agus foirgnimh ar Oileáin Árann le go mbeidh siad ábalta fuinneamh a chaomhnú agus leictreachas a ghiniúint iad féin.
Éist anois

Lúsia Uí Bheaglaoich -Raidio Na Gaeltachta.

Bheadh dea scéala ag an gComhlacht Arkil i Liospóil , Chorca Dhuibhne, dá gcruthódh na tástálacha atá á ndéanamh air chloch sa gCoiréal faoi láthair go bhfuil an mianach caoi ann.
Éist anois

Dr. Ian Malcolm -tráchtaire tuaisceart Éireann.

Moltaí Richard Haas á bplé ar maidin agus súil aige críoch a chur leis na cainteanna ach deacrachtaí móra ag na hAontachtaí faoi cheist na mbratach.
Éist anois

Póilín Ní Chiaráin-Raidió Na Gaeltachta -Béal Feirste.

Cainteanna Haas - an n-eireoidh leis réiteach a fháil? Cé agus cén chaoi a gcuirfear i bhfeidhm na scocraithe?
Éist anois

Máire Nic Pháidín -Coiste Pobail -Gort a Choirce.

Tá Coiste Pobail Ghort a Choirce ag iarraidh go gcuirfeadh an tAire Stáit, Gort a Choirce san áireamh i gcuideachta Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir sna limistéir phleanála teanga a d'fhógair sé Dé hAoine.
Éist anois

Pat Carey -Iar Aire rialtais.

B'é an tIar Aire Pobal, Comhionannais agus Gnóthaí Gaeltachta, a sheol an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge cothrom an ama seo, trí bliana ó shin, 21 Nollaig 2010; céard atá bainte amach?

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal