Adhmhaidin Dé Luain 23 Nollaig 2013
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Tá sé tagtha chun solais nach bhfuil Coimisiún na gCaighdeáin in Oifigí Poiblí nó SIPO in ann leanacht lena gcuid oibre, de bharr na bhfolúntas atá le líonadh ar an mbord riaracháin; Súil freisin ó Eoin ar bhuaic phointí polaitíochta 2013
Tá cuid mhaith de mhilliúin euro caite ag athchóiriú tithe aonair agus foirgnimh ar Oileáin Árann le go mbeidh siad ábalta fuinneamh a chaomhnú agus leictreachas a ghiniúint iad féin.
Bheadh dea scéala ag an gComhlacht Arkil i Liospóil , Chorca Dhuibhne, dá gcruthódh na tástálacha atá á ndéanamh air chloch sa gCoiréal faoi láthair go bhfuil an mianach caoi ann.
Moltaí Richard Haas á bplé ar maidin agus súil aige críoch a chur leis na cainteanna ach deacrachtaí móra ag na hAontachtaí faoi cheist na mbratach.
Cainteanna Haas - an n-eireoidh leis réiteach a fháil? Cé agus cén chaoi a gcuirfear i bhfeidhm na scocraithe?
Tá Coiste Pobail Ghort a Choirce ag iarraidh go gcuirfeadh an tAire Stáit, Gort a Choirce san áireamh i gcuideachta Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir sna limistéir phleanála teanga a d'fhógair sé Dé hAoine.
B'é an tIar Aire Pobal, Comhionannais agus Gnóthaí Gaeltachta, a sheol an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge cothrom an ama seo, trí bliana ó shin, 21 Nollaig 2010; céard atá bainte amach?
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha