Adhmhaidin

Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Déardaoin 19 Nollaig 2013

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Sorcha Ní Chéilleachair.

Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

Cáit de Bhailís.

Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

Jeaicí Mac Gearailt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Michelle Nic Grianna.

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

Sa Dáil inné, dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, go bhfuil líomhaintí tromchúiseacha curtha i leith na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní nó NAMA agus gur chóir don Rialtas agus do na húdaráis dul i ngleic leis na líomhaintí seo.

Dr. Dónal de Púinse - Dochtúir Teaghlaigh.

Dr. Dónal de Púinse - Dochtúir Teaghlaigh.

Tá Plean Seirbhíse na Feidhmeannachta Sláinte don bhliain seo chugainn cáinte ag Cumann na nDochtúirí Teaghlaigh. Is plean é nach bhfuil aon chothromaíocht ann don té atá lag agus ar bheagán airgid, dar leo.

An Comh. Séamus Ó Domhnaill - Comhairleoir Contae.

An Comh. Séamus Ó Domhnaill - Comhairleoir Contae.

Níor aontaíodh buiséad Chomhairle Contae Dhún na nGall do 2014 tráthnóna inné. Tá ceisteanna faoi rátaí Uisce Éireann, dar leis an gComhairleoir Séamus Ó Domhnaill.

Donncha Ó hÉallaithe - Feachtas ar son Nuachtáin Chlóite.

Donncha Ó hÉallaithe - Feachtas ar son Nuachtáin Chlóite.

Is cosúil nach bhfuil tóir ach ag 17% de phobal na Gaeilge ar leagan leictreonach do pháipéar Gaeilge de réir na dtorthaí a bhí ar phróiseas comhairliúcháin Fhoras na Gaeilge do sheirbhís nuachta Gaeilge. Deir an feachtas gur léir ó na torthaí nach páipéar nuachta ar líne amháin atá ag teastáil ón bpobal, ach nuachtán clóite.

Éamonn Mac Aodha - Ambasadóir na hÉireann chun na Beilge .

Éamonn Mac Aodha - Ambasadóir na hÉireann chun na Beilge .

Beidh an Taoiseach i bhFlóndras na Beilge i dteannta David Cameron inniu le comóradh a dhéanamh ar na saighdiúirí a bhásaigh sa Chéad Chogadh Domhanda; 50,000 Éireannach ina measc.

Séamus Ó Drisceoil - Comharchumann Chléire.

Séamus Ó Drisceoil - Comharchumann Chléire.

Tá Comharchumann Cléire i mbun cúrsa ceoil a eagrú i Mí Lúnasa seo chugainn ar Oileán Chléire.

An Comh. Catherine Connolly - Comhairleoir Cathrach.

An Comh. Catherine Connolly - Comhairleoir Cathrach.

Dheimhnigh Feidhmeannacht na Seirbhísí sláinte don Chomhairleoir Catherine Connolly, atá ina ball den fhóram sláinte san Iarthar, go bhfuil trí leaba dhéag fágtha folamh acu in Áras Mhic Dara mar gheall ar easpa foirne

Adhmhaidin

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

adhmhaidin@rte.ie

+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623 
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114 
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís