Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Déardaoin 19 Nollaig 2013

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Sorcha Ní Chéilleachair.

Éist anois

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

Sa Dáil inné, dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, go bhfuil líomhaintí tromchúiseacha curtha i leith na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní nó NAMA agus gur chóir don Rialtas agus do na húdaráis dul i ngleic leis na líomhaintí seo.

Éist anois

Donncha Ó hÉallaithe - Feachtas ar son Nuachtáin Chlóite.

Is cosúil nach bhfuil tóir ach ag 17% de phobal na Gaeilge ar leagan leictreonach do pháipéar Gaeilge de réir na dtorthaí a bhí ar phróiseas comhairliúcháin Fhoras na Gaeilge do sheirbhís nuachta Gaeilge. Deir an feachtas gur léir ó na torthaí nach páipéar nuachta ar líne amháin atá ag teastáil ón bpobal, ach nuachtán clóite.

Éist anois

Éamonn Mac Aodha - Ambasadóir na hÉireann chun na Beilge .

Beidh an Taoiseach i bhFlóndras na Beilge i dteannta David Cameron inniu le comóradh a dhéanamh ar na saighdiúirí a bhásaigh sa Chéad Chogadh Domhanda; 50,000 Éireannach ina measc.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal