Adhmhaidin Dé Máirt 10 Nollaig 2013
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Sorcha Ní Chéilleachair.
Cáit de Bhailís.
Jeaicí Mac Gearailt.
Michelle Nic Grianna.
Tá iar-Phríomh-Fheidhmeannach an Chlinic Lárnach Íocshláinte, Brian Conlon, tar éis diúltiú teacht os comhair an Chomh-Choiste Oireachtais um Chuntais Phoiblí. D'éirigh Conlon as a phost inné agus deir sé nach bhfuil aon eolas aige nach bhfuil ag baill eile an Bhoird Stiúrtha.
Cad atá á rá ag polaiteoirí eile faoin gconspóid ag CRC?
Aréir, sheol Comhghuaillíocht Phobal Iarthar Chorcaí suíomh nua idirlín a bheidh mar ghréasán eolais agus ina uirlis chun brú a choimeád ar na hudaráis seirbhísí cuí a chur ar fáil don cheantar
Tá togra nua taighde curtha ar bun ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar le TG4 agus é mar aidhm aige nósanna féachana TG4 a fhiosrú agus tuairimí Phobal na Gaeilge i leith an stáisiúin a fháil.
Bhí ionad caitheamh aimsire Leisureland i mBóthair na Trá, i nGaillimh os cionn €626,000 i bhfiacha ag deireadh na bliana seo caite de réir figiúirí a bhí curtha os comhair chomhairleoirí cathrach na Gaillimhe aréir.
Trodaíocht fhíochmhar ar bun i bPoblacht na hAfraice Láir.
Tá scrúdú a dhéanamh ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar na féidearthachtaí atá ann fuinneamh a ghinniúint ag úsáid chumhacht na farraige. Tá comhráití ar bun le comhlachtaí ar an ábhar.
I-leabhair forbartha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus scaipthe ar dhaltaí ardteistiméireachta.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha