Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Máirt 10 Nollaig 2013

Éist anois

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Sorcha Ní Chéilleachair.

Éist anois

Robert Dowds TD - An Lucht Oibre.

Tá iar-Phríomh-Fheidhmeannach an Chlinic Lárnach Íocshláinte, Brian Conlon, tar éis diúltiú teacht os comhair an Chomh-Choiste Oireachtais um Chuntais Phoiblí. D'éirigh Conlon as a phost inné agus deir sé nach bhfuil aon eolas aige nach bhfuil ag baill eile an Bhoird Stiúrtha.

Éist anois

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

Cad atá á rá ag polaiteoirí eile faoin gconspóid ag CRC?

Éist anois

Mairéad Peters - Comhghuaillíocht Phobal Iarthar Chorcaí.

Aréir, sheol Comhghuaillíocht Phobal Iarthar Chorcaí suíomh nua idirlín a bheidh mar ghréasán eolais agus ina uirlis chun brú a choimeád ar na hudaráis seirbhísí cuí a chur ar fáil don cheantar

Éist anois

Séamas Ó Concheannain - Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Tá togra nua taighde curtha ar bun ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar le TG4 agus é mar aidhm aige nósanna féachana TG4 a fhiosrú agus tuairimí Phobal na Gaeilge i leith an stáisiúin a fháil.

Éist anois

Peter Keane - Bord Stiúrtha Leisureland.

Bhí ionad caitheamh aimsire Leisureland i mBóthair na Trá, i nGaillimh os cionn €626,000 i bhfiacha ag deireadh na bliana seo caite de réir figiúirí a bhí curtha os comhair chomhairleoirí cathrach na Gaillimhe aréir.

Éist anois

Frank Reidy - Tráchtaire Míleata.

Trodaíocht fhíochmhar ar bun i bPoblacht na hAfraice Láir.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal