Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé hAoine 6 Nollaig 2013

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuala Ní Chonghaile.

Éist anois

Beathaisnéis Nelson Mandela

Caitheann Gearóid Mac Donncha súil siar ar shaol Nelson Mandela atá tar éis bháis.

Éist anois

Pól Ó Conchubhair - Innealtóir le Comhairle Chontae Chiarraí.

Tá iarratas curtha ag Comhairle Contae Chiarraí go dtí an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt maoiniú a chur ar fáil an bhliain seo chugainn chun bealaí glasa a fhorbairt i dtuaisceart agus i ndeisceart an Chontae.

Éist anois

An Dr Seán Ó Riain - Saineolaí ar an bpleanáil teanga.

Léargas idirnáisiúnta ar scéal mór na seachtaine i saol na Gaeilge, 'sé sin go bhfuil an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin le héirí as a oifig i mí Feabhra na bliana seo chugainn mar gheall ar an teipeadh sa státchóras freastal cuí a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Éist anois

Tomás Mac An Iomaire & Iggy Ó Muircheartaigh

Súil siar ar thogchán 1994 nuair a toghadh Nelson Mandela mar an chéad uachtarán den chine gorm ar an Afraic Theas agus cur síos ar a chuairt go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2003.

Éist anois

Veronica Ní Loideáin - Carna

Tá ardú ag teacht ar líon na ndaoine atá ina gcodladh ar shráideanna i nGaillimh a deir an eagraíocht Shíomóin sa chathair. Chun aird a tharraingt ar an gcás seo tá cúig dhuine agus fiche as ceantar na Gaillimhe le codladh ar na sráideanna san oíche amárach.

Éist anois

Adhamhnán Mac Cuinneagáin - Comhalta ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Tá géarchéim sna ceantair Ghaeltachta i dTír Chonaill ó thaobh seirbhíse leathanbhanda de, agus níl an Straitéis Náisiúnta Leathanbhanda ag tabhairt aitheantais dó sin a cheapann Adhamhnán Mac Cuinneagáin.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal