Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Déardaoin 5 Nollaig 2013

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Sorcha Ní Chéilleachair.

Éist anois

An Dr.Conchúr Ó Giollagáin - Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Fógraithe ag an gCoimisinéir Teanga go bhfuil sé le héirí as a oifig i Mí Feabhra. Ionadh air faoin bhfógra ón gCoimisinéar agus rinne sé chuir síos ar an méid atá déanta ag an gCoimisinéar agus ar a bhfuil i ndán don teanga amach anseo.

Éist anois

An Comh. Mícheál Ó Gliasáin - Neamspleách.

Deir an Comhairleoir nach bhfuil mórán éifeachta ag baint leis na dréacht-phleananna atá á gcur le chéile i gContae Chiarraí le roinnt blianta. Beidh an Chomhairle ag plé dréacht-phlean na mblianta 2015- 2021 an tseachtain seo.

Éist anois

An Comh. Tomás Ó Curraoin - Sinn Féin Poblachtach.

Bhí coinbhinsiún ag Sinn Féin Poblachtach le hiarrathóir a roghnú do na toghchán áitiúla i gConamara in Ostán Chois Fharraige aréir. Roghnaíodh Tomás le bheith san iomaíocht agus d'fhiafraigh Cóilín Ó Neachtain dó céard iad na rudaí a bheadh sé ag iarraidh athrú má éiríonn leis sa toghchán.

Éist anois

Seán Ó Cuirreáin - An Coimisinéir Teanga.

Cuireann an Coimisinéir síos ar a chinneadh éirí as oifig i mí Feabhra seo chugainn.

Éist anois

Dinny McGinley TD - Aire Stáit.

Scéal an Choimisinéara Teanga. Ghlac sé buíochas leis an gCoimisinéar as an méid atá déanta aige le deich mbliana agus dúirt sé go mbeadh duine éigin ag dul i gcomharbacht air agus go mbeidís lonnaithe sa Ghaeltacht.

Éist anois

Liam Ó Cuinneagáin - Oideas Gael.

Léiríonn an Cuinneagánach díomá go bhfuil Seán Ó Cuirreáin ag éirí as mar Choimisinéir Teanga ach go dtuigeann sé cé fáth go ndearna sé a chinneadh.

Éist anois

Dr John Walsh - Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Cuireann an Dochtúir síos ar an tseirbhís atá tugtha ag an gCoimisinéar Teanga don teanga, ar an gcailliúint a bheidh ann agus ar na dúshláin is mó a bhéas ar an gcéad Choimisinéir eile.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal