Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Céadaoin 4 Nollaig 2013

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Sorcha Ní Chéilleachair.

Éist anois

Joe Tiernan - Údar & Ian Malcolm - Tráchtaire ar Chúrsaí na nAontachtach.

I dTuarascáil Bhinse Fiosrúcháin Smithwick a foilsíodh inné dúradh go raibh claonpháirtíocht i gceist le marú beirt Cheannfort de chuid an RUC i 1989. Mharaigh an tIRA, an tArd-Cheannfort Harry Breen agus an Ceannfort Bob Buchanan tar éis dóibh Stáisiún Gardaí Dhún Dealgan a fhágáil.

Éist anois

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

Tuairim na bpolaiteoirí ó dheas faoin tuarascáil.

Éist anois

Breandán Ó Riain - Pobal Simon i gCorcaigh.

Deir Breandan Ó Riain, duine de bhord stiúrtha na heagraíochta carthanachta Simon i gCorcaigh, go bhfuil titim suas le cúig déag faoin gcead ar an maoiniú a fhaigheann siad ó eagrais stáit le ceithre bliana anuas.

Éist anois

Martina Ní Chanainn - Coiste Cúram Leanaí Chontae Dhún na nGall.

Níos déanaí inniu, seolfaidh Aire na Leanaí agus Gnóthaí Óige, an tAire Frances Fitzgerald, tuarascáil faoi chostas cúram leanaí in Éirinn agus an bac atá sé a chur ar thuismitheoirí atá ag iarraidh filleadh ar an obair.

Éist anois

Cormac Ó Murchú - Saineolaí Teicneolaíochta.

Ar an deireadh seachtaine, d'fhógair an Comhlacht Eircom go raibh siad le obair mhór a dhéanamh o thaobh leathanbhanda a chur ar fáil in áiteanna sa tír nach bhfuil fáil air go dtí seo.

Éist anois

An Comhairleoir Daithí Alcorn - Fianna Fáil.

Tá laghdú de 33% tagtha ar fhoireann Chomhairle Contae Dhún na nGall le roinnt blianta agus deir an Comhairleoir Daithí Alcorn go bhfuil sé in am amharc ar an tionchar atá ag an laghdú seo ar obair na Comhairle.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal