Adhmhaidin

Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

adhmhaidin@rte.ie

Adhmhaidin Dé Céadaoin 20 Samhain 2013

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

John Downing, Tráchtaire Polaitíochta.

An chonspóid faoi iocaíochtaí le Feidhmeanaigh sna hOispidéil. Rialacháin nua foilsithe faoi scéimeanna áirithe pinsean.

Mícheál Ó Gliasáin, Comhairleoir Contae-Ciarraí.

Tá Comhairle baile Chill Áirne le chúig cinn do scáthanna mora fearthainne a chur in airde ar an mbaile, ar mhaithe leis an bpobal áitiúil agus turasóirí araon.....mar gurab é plean na Comhairle, ná an baile a dhéanamh níos taithneamhaí do choisithe.

Colm Ó Dúlacháin, RnaG, Tír Chonaill .

Beidh costas de €30 milliúin ar an obair atógála atá ar siúl faoi láthair in Ospidéal Ghinearálta Leitir Ceanainn. Rinne tuillte scrios ar 40% den ospidéil mí Iúil seo caite .

Cóilín Ó Neachtain , RnaG , Casla.

Inniu a thabharfar deis do thrí eagraíocht a bhfuil a gceann áras i nGaeltacht na Gaillimhe cur i láthair a dhéanamh do fheidhmeannach ón gcomhlacht comhairleoireachta Gilroy Gannon as Sligeach maidir leis an obair atá ar bun acu.

Peadar Kirby, Ollamh-Ollscoil Luimní .

Comhdháil faoin athrú aeráide ar siúl sa Pholainn agus an tionchar atá ag an athrú aeráide ar phobail bhochta.

Ceisteanna Dála -Gaeilge agus Gaeltacht .

Ceisteanna don Taoiseach sa Dáil ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht

Mícheál Ó Conchúir , An Bhruiséil .

Buiséad €960 billiún an Aontais Eorpaigh aontaithe agus an bhfuil jab mór san Eoraip i ndán don Taoiseach Enda Kenny.

Adhmhaidin

Adhmhaidin ar Twitter

Sonraí teagmhála

adhmhaidin@rte.ie

+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623 
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114 
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís