Adhmhaidin

Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Déardaoin 14 Samhain 2013

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta - Bríd Ní Chualáin.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta an Deiscirt - Lucia Uí Bheaglaoich.

Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt - Frances Nic Géidigh.

Príomhscéalta an Tuaiscirt

Príomhscéalta an Iarthair - Marian Ní Shúilleabháin.

Sorcha Nic Mhathúna - Oxfam Ireland.

An scéal is déanaí faoin tubaiste sna hOileáin Fhilipíneacha.

Seosamh Ó Laoi - Comhairleoir Contae.

Tá an seans deireanach anois a deir an Comhairleoir Contae Seosamh O Laoi a chuir in luí ar fheidhmeannaigh Chomhairle Contae na Gaillimhe go gcaithfear an bealach atá á mholadh den Bhóthar idir Bearna agus Scríb a chuir suas i gceantar caomhnaithe NHA atá taobh thoir den Spidéal.

Pádraig Feirtéar - Rúnaí Mharglann an Daingin.

Fógraíodh an tseachtain seo go raibh an comhlacht próiseála feola is mó sa tír, TLT, i lámha glacadóra anois agus airgead mór ag dul do mharglanna ar fud na tíre, ina measc cúpla marglann i gcontae Chiarraí.

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

Beirt oifigeach de chuid an chórais sláinte os comhair choiste Oireachtais agus Brendan Howlin tar éis athruithe ar an Acht um Saoráil Faisnéise a tharraingt siar.

An tOllamh Seán Devitt - Coláiste na Tríonóide.

Seolfar gluaiseacht nua ar son na foghlama teanga i gColáiste na Tríonóide inniu dar teideal "One Voice for Languages". Is é príomhaidhm na gluaiseachta an tábhacht a bhaineann le teangacha d'fhostaíocht agus d'oideachas a chur chun cinn.

Pádraig Ó Dochartaigh - Comhairleoir Contae.

D'fhógair Comhairle Contae Dhún na nGall inné go bhfuil aonad ar leith curtha ar bun acu le brú a chur ar dhaoine a gcuid táillí forbartha a íoc, agus deir siad go mbeidh siad ag cur an dlí ar dhaoine nach bhfuil ag íoc na dtáillí.

Muireann Ní Riain - Cluichí Oilimpeacha Speisialta.

Comhordaitheoir Sláinte na gCluichí Oilimpeacha ag cur síos ar an bhfeachtas 1%.

Adhmhaidin

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

adhmhaidin@rte.ie

+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623 
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114 
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís