Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Máirt 29 Deireadh Fómhair 2013

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Sorcha Ní Chéilleachair.

Éist anois

Seán Ó Cadhain - Sasana.

Cur síos ó Shasana ar an stoirm thall ansin inar maraíodh ceathrar, Éireannach ina measc.

Éist anois

Peadar Tóibín TD - Sinn Féin.

Tá Teachta Dála Shinn Féin, Peadar Tóibín ag iarraidh ar Chomhairle Chontae na Mí, an leabharlann i Rath Cairn a oscailt go sealadach nó go dtiocfar ar réiteach ar na deacrachtaí foirne ansin.

Éist anois

Máire Áine Gardiner - Oifigeach Turasóireachta an Iar-Thuaiscirt le Fáilte Éireann.

Beidh sé níos fusa turasóirí ó thar lear a mhealladh go Dún na nGall nuair a bheidh córas cóid poist i bhfeidhm in 2015, dar le Máire Áine Gardiner, Oifigeach Turasóireachta an Iar-Thuaiscirt le Fáilte Éireann.

Éist anois

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

Tá feidhmeannaigh ón Troika - i mBaile Átha Cliath inniu - an dara cuairt déag agus an ceann deireanach acu - agus an tír seo le slán a fhágáil le pacásite tárrthála an Aontais Eorpaigh agus an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta - i Mí na Nollag.

Éist anois

Póilín Ní Chiaráin - Tráchtaire Thuaisceart Éireann.

Richard Haass ar ais i mBéal Feirste le sraith eile cruinnithe a reáchtáil chun ceisteanna achrannacha an phróisis síochána a réiteach.

Éist anois

An Canónach Tomás Ó Luanaigh.

An eagraíocht Killarney Reunion i Londain ar an bhfód ó bhí 1970 ann agus bronnfar gradam ar chomhbhunaitheoir na heagraíochta an mhí seo chugainn.

Éist anois

Antóin Ó Lachtnáin - Cearta Digiteacha na hÉireann.

Imní maidir le spiadóireacht atá curtha i leith na Stát Aontaithe. Cé chomh forleathan atá sé agus conas rachfar i ngleic leis?

Éist anois

Liam Ó Maolaodha - Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

Tús á chur le hOireachtas 2013 inniu, cur síos lena bhféadfaimis a bheith ag súil ó stiúrthóir an Oireachtais.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal