Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé hAoine 25 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Gearóid Mac Donncha.

Éist anois

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

Scáth caite ag líomhaintí cúléisteachta ar chruinniú mullaigh an Aonais Eorpaigh. Dúirt an Taoiseach go mbíonn sé i gcónaí ag obair ar an tuiscint go bhféadadh daoine a bheith ag cúléisteacht ar a chuid glaochanna gutháin.

Éist anois

Seosamh Mac Coitir - Coiste Forbartha Chuan Chorcaí.

Dhiúltaigh Fáilte Éireann i dtosach na bliana maoiniú a chur ar fáil do thogra turasóireachta atá á bheartú ag Comhairle Chontae Chorcaí ar Inis Pic i gCuan Chorcaí. Gan choinne oíche Dé Máirt seo caite d'fhógair siad go raibh €2.5m á cheadú acu don togra.

Éist anois

Séamus Ó Domhnaill - Comhairleoir Contae.

Tá níos lú cumhachta ag Comhairle Condae Dhún na nGall gnóthaí na condae a riaradh, agus níl an plean seirbhísí a reáchtáil go lárnach ag freastal ar phobal Dhún na nGall, a deir an Comhairleoir Condae Séamus Ó Domhnaill.

Éist anois

Séamus Mac Eochaidh - Údarás na Gaeltachta.

Tá an comhlacht MARINE HARVEST le postanna nua a chur ar fáil i gceantar Chill Chiaráin trí fheirm éisc nua a bhunú. Dúirt an comhlacht go bhfuil siad le hinfheistíocht de €3 mhilliún euro a chur isteach sa togra nua. Tá baint ag Údarás na Gaeltachta leis an togra.

Éist anois

Dr Fiachra Ó Súilleabháin - Oibrí Sóisialta.

Tá comhdháil ar siúl i gCorcaigh ar leas agus cosaint leanaí. Cuirfear i láthair forbairtí i dtaighde, i bpolasaí agus i gcleachtas maidir le leanaí a chosaint.

Éist anois

Rónán Mullen - Seanadóir.

Imní faoin gcomhaontú saorthrádála a síníodh le déanaí idir an Eoraip agus Ceanada. D'fhéadfadh an comhaontú dochar a dhéanamh d'fheirmeoirí na hEorpa dar leis an Seanadóir Mullen.

Éist anois

Pádraig Ó Dochartaigh - An Ghearmáin.

Líomhaintí spiaideoireachta curtha i leith na Stát Aontaithe ón nGearmáin. Tá sé seo séanta ag na Stáit ach beidh sé ina ábhar cainte ag an gcruinniú mullaigh sa Bhruiséil.

Éist anois

Andy Caomhánach - Saineolaí Ríomhaireachta.

Tá cead tugtha ag an Ard Chúirt an tseachtain seo do ghrúpa mac léinn ón Ostair dúshlán dlí a thógáil i gcoinne Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí sa tír seo faoina chinneadh gan fiosrúchán a dhéanamh ar chomhlachtaí a bhfuil sé curtha ina leith go dtugann siad sonraí pearsanta ar láimh do Rialtas na Stát Aontaithe.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal