Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Déardaoin 24 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Éist anois

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta -Bríd Ní Chualáin.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.
Éist anois

Príomhscéalta an Deiscirt - Finín Ó Tuama.

Príomhscéalta an Deiscirt
Éist anois

Príomhscéalta an Tuaiscirt - Michelle Nic Grianna.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.
Éist anois

Príomhscéalta an Iarthair - Marion Ní Shúilleabháin.

Príomhscéalta an Iarthair.
Éist anois

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

Tá an Teachta Dála neamhspleách Luke Ming Flanagan chun dréachtbhille nua a fhoilsiú go luath chun deireadh a chur le húsáid an druga cannabis a bheith in aghaidh an dlí. Inniu i mBaile Átha Cliath beidh ócáid preasa aige ina mbeidh roinnt saineolaithe i láthair chun an cás conspóideach a leagan amach.
Éist anois

Mícheál Ó Cuinn - Comhairleoir Contae.

Tá cártaí leighis a ndiúltú d'othair le hailse, agus tá sé seo ag cur isteach go mór ar othair a dúirt an Comhairleoir Condae Mícheál Ó Cuinn. Glacadh d'aonghuth le rún ag cruinniú na Comhairle Condae an tseachtain seo, iarraidh ar an Aire Sláinte, an Dr James Reilly a chinntiú go mbeidh cártaí leighis ar fáil d'othair le hailse.
Éist anois

Mícheál Ó Coileáin - Oifigeach Comhshaoil Chomhairle Chontae Chiarraí.

Cé go bhfuil Comhairle Chontae Chiarraí éirithe as an tseirbhís bruscair a bhí á reáchtáil acu sa Chontae, tá siad fós i mbun Aonaid Athchúrsála Dramhaíola, agus thug Míchéal O Coileáin Oifigeach Comhshaoil leis an gComhairle le fios go raibh na hAonaid seo an-ghnóthach.
Éist anois

Paddy Crowe - Bainisteoir Chomhar Chaomháin.

Tá triúr as Inis Oírr, le dul don tSín, ag deireadh na míosa seo chugainn, le páirt a ghlacadh sa chomórtas idirnáisiúnta LIVCOM, i gcathair Xiamen ansin. Tá an comórtas seo bunaithe, ar an mbealach is fearr a bhíonn pobal in ann a gceantar féin a chur chun cinn.
Éist anois

Seán Breathnach - Oifigeach Caidrimh Poiblí Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Tá sé fógraithe ag Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta go mbeidh deireadh leis an eagraíocht faoi dheireadh na bliana cheal airgid ó Roinn na Gaeltachta. Dúirt Seán Breathnach go bhfuil siad fós sásta a dhul i mbun comhráití, le Roinn na Gaeltachta, faoina bhfuil i ndán don eagraíocht agus cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht.
Éist anois

Aoife Ní Mhurchú - ENAR Ireland

Imní léirithe ag ENAR (European Network Against Racism) go raibh bunús ciníoch leis an gcinneadh beirt ógánach ón bpobal Roma a thógáil óna dtuismitheoirí. Dheimhnigh tástálacha DNA a deineadh ar chailín óg seacht mbliaina d'aois gurb í iníon theaghlach Rómach í.
Éist anois

Mícheál Ó hAodha - Ollscoil Luimní.

Tá go leor scríofa ag Mícheál Ó hAodh faoin bpobal siúil. Chuir sé síos ar an bpobal siúil agus an teagmháil atá acu leis an bpobal socraithe.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal