Adhmhaidin

Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

adhmhaidin@rte.ie

Adhmhaidin Déardaoin 17 Deireadh Fómhair 2013

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Sorcha Ní Chéilleachair.

Príomhscéalta an Iarthair.

Cáit de Bhailís.

Príomhscéalta an Deiscirt.

Jeaicí Mac Gearailt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Frances Nic Géadaigh.

John Downing, tráchtaire polaitíochta.

Cuireadh i leith an Aire Airgeadais, Michael Noonan go raibh sé ag iarraidh an Dáil a chur amú i dtaobh na n-athraithe a fógraíodh sa mbuiséad faoi fhaoiseamh cánach do dhaoine atá ag íoc árachais sláinte.

Dónal Ó Buachalla.

Comhdháil Chumann Náisiúnta na bPríómhoidí agus leasphríomhoidí atá ar bun i nGaillimh an dá lá seo.

Trevor Ó Clochartaigh.

Plé caint Aire Stáit na Gaeltachta, Donncha Mac Fhionnghaile, go bhfuil airgead ceadaithe sa gcáinfhaisnéis le forbairt a dhéanamh ag Teach a' Phiarsaigh i Ros Muc mar chuid de chomóradh 1916 agus amhras faoi bhfuil i ndán do sheirbhís an phosta sa Spidéal.

Frank Prendergast, Iar mhéara ar Chathair Luimnigh.

Ag caint ar an ráiteas ó Ryanair a deir go bhfuil súil acu páisinéirí breise a thabhairt chuig réigiún an deiscirt éis deireadh a bheith curtha leis an gcáin taistil i gcáinfháisnéis na seachtaine seo.

Pádraig Ó Dochartaigh, as Berlin.

Sraith nua cainteanna comhrialtais tosaithe sa nGearmáin.

Séamus Ó Domhnaill, Comhairleoir Condae.

Bhí sé ag cruinniú de Choiste Stráitéisteach na Comhairle Contae inné, agus tá níos mó muiníne aige anois in Uisce Éireann ná bhí riamh roimhe seo.

Adhmhaidin

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

adhmhaidin@rte.ie

+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623 
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114 
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís