Adhmhaidin Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair 2013
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Bríd Ní Chualáin.
Finín Ó Tuama.
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.
Reáchtálfaidh Comhlacht Forbartha na nDéise Cruinniú istoíche Déardaoin seo chugainn i Halla Pobail na Rinne, cruinniú ina ndéanfar plé agus díospóireacht ar an bpróiseas pleanála teangan, chomh maith le plé ar na féidearthachtaí atá ann forbairt a dhéanamh ar achmhainní mara sa cheantar.
Tráthnóna, tabharfaidh an tAire Airgeadais Michael Noonan a óráid bhuiséid sa Dáil ina dtabharfaidh sé eolas faoi arduithe cánach don bhliain seo chugainn. Tá a fhios againn go mbeidh gearradh siar de €2.5 billiún in 2014 agus gur ar na Ranna Coimirce Sóisialaí, Sláinte, Oideachais agus Dlí & Cirt a thitfidh formhór na gciorruithe.
Deir an Comhairleoir Contae Breandán Ó Beirne nach bhfuil eolas á chur ar fáil faoi cad atá i ndán do na Grúpscéimeanna Uisce nach bhfuil glactha idir lámha ag an Chomhairle Contae, nuair a thiocfaidh Uisce Éireann i gceannas.
Craoladh clár speisialta aréir ar an mBBC faoi chás Madeleine McCann, an cailín óg a chuaigh ar iarraidh ó árasán in Praia de Luz sa Phortaingéil ar an tríú lá de Mhárta 2007.
Cur síos ar bheartas chun an óige a choimeád sa tír agus an tionchar a d'fhéadfadh buiséad na bliana a imirt ar an óige.
Inné d'fhógair ionadaithe ó phobail na nOileán go bhfuil siad le tabhairt faoi staidéar socheacnamaíochta tar éis don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a fhógairt go ndéanfaí staidéar ar an tseirbhís aeir PSO go dtí trí oileán Árann.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha