Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair 2013

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Mícheál Ó Drisleáin - Comhlacht Forbartha na nDéise.

Reáchtálfaidh Comhlacht Forbartha na nDéise Cruinniú istoíche Déardaoin seo chugainn i Halla Pobail na Rinne, cruinniú ina ndéanfar plé agus díospóireacht ar an bpróiseas pleanála teangan, chomh maith le plé ar na féidearthachtaí atá ann forbairt a dhéanamh ar achmhainní mara sa cheantar.

Éist anois

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

Tráthnóna, tabharfaidh an tAire Airgeadais Michael Noonan a óráid bhuiséid sa Dáil ina dtabharfaidh sé eolas faoi arduithe cánach don bhliain seo chugainn. Tá a fhios againn go mbeidh gearradh siar de €2.5 billiún in 2014 agus gur ar na Ranna Coimirce Sóisialaí, Sláinte, Oideachais agus Dlí & Cirt a thitfidh formhór na gciorruithe.

Éist anois

An Comh. Breandán Ó Beirne - Comhairleoir Contae.

Deir an Comhairleoir Contae Breandán Ó Beirne nach bhfuil eolas á chur ar fáil faoi cad atá i ndán do na Grúpscéimeanna Uisce nach bhfuil glactha idir lámha ag an Chomhairle Contae, nuair a thiocfaidh Uisce Éireann i gceannas.

Éist anois

Victoria Hamilton - Iriseoir.

Craoladh clár speisialta aréir ar an mBBC faoi chás Madeleine McCann, an cailín óg a chuaigh ar iarraidh ó árasán in Praia de Luz sa Phortaingéil ar an tríú lá de Mhárta 2007.

Éist anois

Daithí de Buitléir - Raising & Giving Ireland.

Cur síos ar bheartas chun an óige a choimeád sa tír agus an tionchar a d'fhéadfadh buiséad na bliana a imirt ar an óige.

Éist anois

Ciarán Ó Braonáin - Mac Léinn Fulbright in Philadelphia.

Dul chun cinn de bheagán a deir polaiteoirí i Meiriceá i gcainteanna maidir le géarchéim fiacha na tíre sin a réiteach.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal