Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Luain 14 Deireadh Fómhair 2013

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Bríd Ní Chualáin.

Éist anois

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

Cur síos ar Ard-Fheis Fhine Gael a bhí i Luimneach ag an deireadh seachtaine agus súil chun cinn ar an mbuiséad amárach. Enda Kenny: Ag séanadh go bhfuil easaontas sa Rialtas faoin mbuiséad. Naoise Ó Muirí : Ag caint ar cháin mhaoine agus ar an mbuiséad.

Éist anois

Síle Ní Chonaill - Baile an Sceilg.

Tá lúb siúlóide 6 chiliméadar forbartha ag muintir Bhaile 'n Sceilg i gCiarraí Theas, agus súil acu breis turasóirí a mhealladh. Ina theannta san, tá sé beartaithe acu athchóiriú a dhéanamh ar Stáisiún na nGardaí sa cheantar.

Éist anois

An Dr. Tom Healy - Institiúid Eacnamaíochta Taighde Nevin.

Foláireamh tugtha go bhféadfadh na ciorruithe agus na sábháilteachtaí a fhógrófar amárach níos mó airgid a thógáil amach as an ngeilleagar ná mar a cheaptar.

Éist anois

Séamus Ó Domhnaill - Comhairleoir Condae.

Chas toscaireacht ó cheantar Chloich Chionnaola le Stiúrthóir Uisce na Comhairle Condae, le gairid le heolas a fháil faoin dul chun cinn atáthar a dhéanamh ar scéim séarachais an Fháil Charraigh.

Éist anois

Seán Ó hAdhmaill - Forbairt Naíonraí Teoranta.

Tá Naíonraí Teo. i gcomhpháirt le carthannachtaí eile tar éis suíomh idirlín, dealeffect.ie, a bhunú ina ndéantar margaí agus táirgí a thairiscint do chustaiméirí agus téann céatadán den airgead don charthannacht is fearr leis an gcustaiméir.

Éist anois

Conall Ó Móráin - Saineolaí Airgeadais.

Anailís ar an mBuiséad agus fógra an Taoisigh go mbeidh an tír ag fágáil slán le pacáiste tarrathála an Troika i mí na Nollaig.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal