Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé hAoine 11 Deireadh Fómhair 2013

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Príomhscéalta Náisúnta agus Idirnáisiúnta.

Sorcha Ní Chéilleachair.

Éist anois

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

Tháinig an Rialtas le chéile ar maidin chun plé speisialta a dhéanamh ar an mBuiséad atá le fógairt ag an Aire Airgeadais Michael Noonan tráthnóna Dé Máirt seo chugainn.

Éist anois

Mairéad Nic Gaoithín - Direct Democracy Ireland.

Beidh cruinniú ag an eagraíocht Direct Democracy Ireland i mBealach Féich anocht, le heolas a chur ar fáil don phobal ar na moltaí atá acu cumhacht a thabhairt don ghnáthphobal.

Éist anois

Joanne Ní Shúilleabháin - Oibrí Forbairt Pobail.

Tá Scoláireachtaí á dtairiscint ag Forbairt Chiarraí Thuaidh & Thoir chomh maith le Páirtnéireacht Chiarraí Theas, do scoláirí tríú leibhéal nach bhfuil aon deontas á bhfáil acu ó aon fhoinse eile agus atá ina gcónaí i gContae Chiarraí le breis is trí bliana.

Éist anois

Bertie Ó hAinmhire - Príomhoifigeach na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ní mó na sásta atá pobail na Oiléain Árann le roinnt téarmaí tagartha atá leagtha síos sa cháipéis tairisceana do sheirbhís aer-thaistil Oileáin Árann.

Éist anois

Ciairín de Buis - Start Strong.

Tuarascáil eisithe inné ina leagtar amach straitéis don Rialtas le luathchúram agus luathoideachas do pháistí a fheabhsú.

Éist anois

Aengus Ó Snodaigh TD - Sinn Féin.

Tá Jobsbridge le leathnú amach agus as seo amach beidh tréimhse suas le ocht mí dhéag i gceist leis na sceimeanna taithí fostaíochta, seachas an teorainn de naoi mí a bhíodh ann, ach tá amhras léirithe ag roinnt faoi fhiúntas Jobsbridge ó tháinig sé ar an saol.

Éist anois

Richie Ó hEadhra - Modhnóir ar Mhí an Mhargaidh Aonair.

Tionscnamh bunaithe chun deis a thabhairt do shaonránaigh na hEorpa tuairimí a nochtadh i dtaobh an Aontais agus moltaí a dhéanamh ar an tslí leis an Margadh Aonair a fheabhsú.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal