Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Déardaoin 10 Deireadh Fómhair 2013

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Príomhscéalta an Tuaiscirt - Séamus Mac Géidigh.

Séamus Mac Géidigh.

Éist anois

John Bhaba Jeaic Ó Conghaile.

Beidh cruinniú in Ionad Chois Cuain sna Doireadha anocht, d'iascairí Chonamara le go bpléifear na moltaí atá déanta ag Roinn na Mara le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an stoc gliomach atá ag éirí an-ghann anois.

Éist anois

Liam Mac A'Bhaird - Stiúrthóir Tithíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall.

In ainneoin go bhfuil teacht isteach de €8m ag Comhairle Condae Dhún na nGall ar chíos tithe, níl siad inann athchóiriú a dhéanamh ar dhá theach is fiche dá gcuid a bhfuil drochbhail orthu.

Éist anois

Antoine Ó Coileáin - Príomhfheidhmeannach Ghael Linn.

Bhailigh ionadaithe ó deich gcinn de charthanachtaí lasmuigh de Theach Laighean inné ag éileamh ar an Aire Dlí agus Cirt Alan Shatter agus ar an Aire um Chaiteachas Poiblí Brendan Howlin dul siar ar a gcinneadh deireadh a chur le Ciste na gCrannchur Carthannach.

Éist anois

Caitlín Breathnach - Uíbh Ráthach

Ta roinnt do Phobal Chiarraí Theas thar a bheith míshásta leis an soláthar córas teileafóin baile atá an comhlacht Eircom a chur ar fáil dóibh.

Éist anois

Jim Higgins - Feisire Eorpach.

Ghlac Parlaimint na hEorpa inné le moltaí Choimisiún na hEorpa i dtaobh uaireanta scíthe do phíolótaí agus oibrithe óstachais, rud atá cáinte ag Feisirí Eorpacha áirithe.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal