Adhmhaidin Dé Céadaoin 9 Deireadh Fómhair 2013
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin
Finín Ó Tuama.
Frances Nic Géadaigh.
Deir an Institiúit Eacnamaíochta agus Taighde Sóisialta, an ESRI, go dtiocfaidh fás láidir faoin eacnamaíocht an chéad bhliain eile cé go bhfuil titim ar an líon earraí atá á n-easportáil mar gheall go bhfuil deireadh á chur leis an gcosaint paitinne a bhí ag roinnt earraí cógaisíochta.
Míniú ar gach a tharla nuair a thit tuirbín gaoithe leis an gcomhlacht North West Wind ar Fheirm Ghaoithe Loch Dhoire Dhuibh sna Gleanntaí, i mí an Mhárta seo caite.
Tá a gcód poist féin le dáileadh ar gach uile theach sa tír faoin mbliain 2015.
Beidh Scoil Dhún Chaoin ag comóradh céad bliain a bunaithe an bhliain seo chugainn.
Géarchéim na dteifeach mar thoradh ar an gcogaíocht sa tSiria a bheidh mar ábhar ag seisiún na maidine i bParlaimint na hEorpa i Strasbourg. Labhair Máirín le Feisire Eorpach do cheantar an Iarthuaiscirt Pat the Cope Ó Gallchóir faoi ghnéithe den pholasaí Iascaigh nach bhfuil sé sásta leo.
Tá tairiscintí a lorg ag an Roinn Ealaíona Oidhreachta agus Gaeltachta ó chomhlachtaí le tabhairt faoi staidéar ó thaobh na seirbhíse aerthaistil atá a chur ar fáil d'Oileáin Árann.
Conspóid i mBéal Feirste faoin slógadh cuimhneacháin atá beartaithe a dhéanamh ar Thomas Begley, buamadóir Bhóthar na Sean Chille.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha