Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Déardaoin 1 Lúnasa 2013

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Áine Ní Chiaráin-Tuairisceoir Polaitíochta.

An phlé atá ar siúl idir páirtíthe an rialtais faoina ciorraith cáinfháisnéise níos deireannaí sa mbliain.

Éist anois

Scoil Mhic a'Ghoill 2013 - Micheál Mac Giolla Uain.

Cúrsaí sláinte dá phlé inné ag scoil samhradh Mhic a'Ghoill sna Gleanntaí .

Éist anois

An Comhairleoir Contae Mícheál Ó Gliasáin.

Meastar go gcosnóidh an t-athchóiriú atá le déanamh ar Theach Chill Airne suas le seacht milliún Euro. Ta breis agus milliún Euro caite ar an áit go dtí seo.

Éist anois

Michelle Doorley -Scoil Bhaile an Chillín, Ceatharlach.

An brón atá i gceanntar Bhaile an Chillín i gCo. Cheatharlaigh de bharr bás Eoghan agus Ruairí Chada . Tugadh na coirp ar ais abhaile aréir.

Éist anois

Aodh Ó Coileáin-léachtóir le cummarsáid.

Pat Kenny le RTÉ a fhágáil agus dul le staisiún raidio Newstalk.

Éist anois

Ultan Mac Conbhuí.

Ultan : Iar bhall do Choiste Gairmoideachais Chontae na Mí le feachtas a chur ar bun le cur in aghaidh an phlean atá ann, an Bord nua Oideachais agus Oiliúna don Mhí agus Co. Lú, a lonnú i nDroichead Átha , taobh amuigh don Chontae.

Éist anois

An Comhairleoir Contae Daithí Alcorn .

Tá an Comh. Alcorn ag iarraidh go gcuirfidh áit páirceála mar is ceart ar fáil ag Ceidh Ailt a Chorrain le freastal ar phobal Oileán Arainn Mhór agus ar chuairteoirí an Oileáin.

Éist anois

Noreen D'arcy,Comhairleoir Caidrimh Poiblí.

Léiríonn tuarascáil a foilsíodh inné faoi thionscail Óstáin na tíre seo don bhliain 2012 go bhfuil feabhas tagtha cé go bhfuil cúrsaí taobh le 76% den méid gnó a bhí ann i 2007.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal