Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Máirt 30 Iúil 2013

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Nuacht, Nuachtáin & Spórt.

Nuacht Náisiúnta & Áitiúil, Ceannlínnte na nuachtán & Tuairisc spóirt.

Éist anois

Máire Treasa Ní Cheallaigh - ó Nuacht RTÉ.

Cuirfear scrúdú iar bháis inniu ar choirp na beirte dearthar a fritheadh i gcarr a bhí páirteach i dtimpist taobh amuigh de Chathair na Mart, i gCo. Mhaigh Eo inné.

Éist anois

An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh.

Caithfear deis a bheith ag an bpobal páirtíocht níos bríomhaire a bheith acu 'sna meáin chumarsáide a bhfuil ról poiblí acu; RTÉ Raidio na Gaeltachta, a dúirt Gearóid Ó Tuathaigh aréir Scoil Samhraidh Mhic a' Ghoill 'sna Gleannta .

Éist anois

Áine Ní Chiaráin; tráchtaire polaitíochta.

Thionól an tUachtarán Michael D. Higgins cruinniú inné leis an gComhairle Stát chun plé a dhéanamh ar an mBille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis. Déanfaidh sé cinneadh ar cheart dhó é a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí chun athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh.

Éist anois

Feidhlim Seoige - Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn.

Arú amárach, an chéad lá de Lúnasa an spriocdháta d'iarratais i gcomhair deontais tríú leibhéal agus deir an eagraíocht a bhronnann na deontais go bhfuil na fadhbanna móra a bhí acu anuraidh réitithe anois.

Éist anois

Dónal Ó Braonáin & Vox Pop.

Bhronn an tAire Stáit Gaeltachta Donnchadha Mac Fhionnghaile scoláireachtaí Fulbright ar scoláirí as na Stáit Aontaithe agus as Ceanada ag ócáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua aréir.

Éist anois

Séamus Ó Drisceoil - ina Chomhairleoir do Chomharchumann Oileán Cléire.

Tá sé ag dul rite leis an gcomharchumann aon scéimeanna nua a bheadh éifeachtach agus simplí a chur i bhfeidhm ar an oileán mar gheall ar an maorlathas a bhaineann le ranna stáit.

Éist anois

An tAire Iompair Leo Varadkar / Gearóidín Mhic Dhiarmada & Máirín Seoige.

Chas an tAire Iompair, Leo Varadkar, inné le daoine atá ina gcónaí gar do dhroch phíosa bóthair ar an N59 i gceantar Ugúla idir Maigh Cuilinn agus cathair na Gaillimhe. Thug beirt áitiúil a ndearcadh ar dhroch staid an bhóthair.

Éist anois

An Comhairleoir Contae Pádraig Ó Dochartaigh.

Deir an Comhairleoir Contae Pádraig Ó Dochartaigh nach bhfuil rogha ar bith ag Comhairle Contae Dhún na nGall ach caiteachas a laghdú, má tá siad leis an gceann is fearr a fháil ar na deacrachtaí airgid atá acu faoi láthair.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal