Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Luain 29 Iúil 2013

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Nuacht , Nuachtáin & Spórt.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta agus Áitiúil, ceannlínte na nuachtán agus tuairisc spóirt.

Éist anois

Harry McGee - Comhfhreagraí Polaitíochta an Irish Times

Tráthnóna inniu tionólfaidh an tUachtarán Michael D Higgins cruinniú den Chomhairle Stát chun an Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis a phlé. Ar ábhar eile tá an tAire Joan Burton cáinteach ar an tslí a bhfuil an rialtas ag braith an-iomarca ar an gComhairle Bainistíochta Eacnamaíochta.

Éist anois

Séamus Mac Briartaigh - Iar Chomhairleoir Condae.

Tá ceadúnas cuardaigh a lorg ag comhlacht taiscéalaíochta as Ceanada, Gold Note Minerals le ór, airgead agus mianraí eile a chuartú ar fud Chill Chartha, Ard a' Ratha agus 'sna Cealla Beaga.

Éist anois

an Dochtúr Liam P. Ó Murchú.

Tá moill leathbhliana ar a laghad curtha ar an obair athchóirithe atá le déanamh ar an ndroichead isteach go Mainistir Chill Chré atá in aice le Má Chromtha.

Éist anois

An Ceannfort Frank Reidy.

Maraíodh suas le céad duine le linn caismirtí fuilteach i gCairo na hÉigipte ag an deireadh seachtaine. Inniu i Washington, cuirfear tús le babhta nua de phróiséis síochána Israel leis an bPailistín.

Éist anois

Eoghan Ó Neachtain - Bainisteoir Gnóthaí Poiblí Bhord Gáis atá i gCeannas ar Uisce Éireann.

Cuirfidh Uisce Éireann tús ar maidin inniu i gContae Chill Dara le feistiú méadair uisce taobh amuigh de thithe cónaithe. As seo go 2016 tá níos mó ná milliún méadar le feistiú go náisiúnta.

Éist anois

Rosaleen Ní Shuilleabháin - Oifigeach Caitheamh Aimsire Tuaithe Fhóram Chonamara.

Tá geallúint tugtha ag FÁILTE ÉIREANN, go gcuirfidh siad airgead ar fáil ag deireadh na bliana seo, le tosaí ar an mbealach rothaíochta, idir an Clochán agus Uachtar Ard.

Éist anois

Colm Ó Dúlacháin / An Taoiseach Enda Kenny.

Chuir an Taoiseach tús aréir le Scoil Samhraidh Mhic a' Ghoill 'sna Gleannta aréir. Bhí picéid ag suas le tríocha ball den ghrúpa 'Dun na nGall ar son an Bheatha taobh amuigh d'Óstán Uí Bhaoill agus iad ag cáineadh an Taoisí agus ionadaithe tofa eile faoin seasamh a ghlac siad maidir leis an mBille um Chosaint na Beatha.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal