Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé hAoine 26 Iúil 2013

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

Nuacht, Nuachtáin & Spórt.

Nuacht Náisiúnta & Idirnaisiúnta, Nuacht Áitiúil. Tuairisc Spóirt.

Éist anois

John Downing, tráchtaire polaitíochta.

Tá an Dáil agus an Seanad scortha don samhraidh, cá seasann cúrsaí anois imeasc na bpáirtithe polaitíochta agus céard atá in ann don Seanad ó tharla reifreann ar a dhíothú a bheith fógartha don fhómhar.

Éist anois

Conall Ó Móráin.

Tá sé tagtha chun solais go mbeidh níos mó le fulaingt ag creidiúnaithe de chuid Bhanc Angla Éireann nó an IBRC ná mar a ceapadh.

Éist anois

Aindrias Ó Muimhneacháin CC.

Osclófar an droichead nua do choisithe thar Abhainn an tSulain i Má Chromtha Déardaoin seo chugainn.

Éist anois

Séamus Ó Direáin atá ina chónaí i La Coruna.

Maraíodh cheithre scór duine agus tá ceithre dhuine dhéag 's ceithre scór san ospidéal. Tá fíor-dhroch-bhail ar cúig dhuine dhéag is fiche.

Éist anois

Cóilín Ó Neachtain.

Deir bainisteoir ghrúp-scéim uisce Loch Iorbairte i Leitir Mealláin go bhfuil géarchéim airgeadais acu agus go bhféadfadh sé go gcaithfidh daoine a dhul d'oireasa uisce muna bhfuil siad sásta íoc as.

Éist anois

Séamus Ó Domhnaill CC.

Tá an Comhairleoir Ó Domhnaill ag iarraidh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall tasc fhórsa a bhunú le tacaíocht a thabhairt dona bailte beaga.

Éist anois

Uinsíonn Mac Dubhghaill.

Léiríonn na figiúirí éisteachta raidió JNLR a heisíodh inné go n'éistíonn 58% den phobal le stáisiúin áitiúla agus go n'éistíonn 45% den phobal le stáisiúin náisiúnta, titim 2% ar an mbliain anuraidh. Deáscéal atá 'sna torthaí do RTÉ adeir an leachtóir cumarsáide.

Éist anois

John Downing.

Athrú aigne tagtha ar Sinn Féin i dtaobh Sheanad Eireann. D'fhógair siad ar maidin go mbeidh siad ag tacú leis an rialtas agus iad ag iarraidh é a chur ar neamhnaí.Votáil Seanadóirí agus Teachtaí Dála i gcoinne na reachtaíochta don reifreann an tseachtain seo caite.

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal