Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Déardaoin 25 Iúil 2013

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

John Downing; Tráchtaire Polaitíochta.

Gairmeoidh an tUachtarán Michael D Higgins an Chomhairle Stát ar an Luan seo chugainn chun an bille Cosaint na beatha le linn toircheais a phlé.

Éist anois

Pearce Doherty TD; urlabhraí airgeadais Shinn Féin.

Tá Sinn Féin & Fianna Fáil ag iarraidh ar an Aire Stát John Perry ráiteas a dhéanamh ag soiléiriú cén staid ina bhfuil a chuid cúrsaí airgeadais.

Éist anois

An tAire Stáit Donnacha Mac Fhionnghaile.

Sheol an tAire Stáit Gaeltachta Dioplóma san Phleanáil Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair tráthnóna inné.

Éist anois

Éamon Ó Cuív TD.

D'fhoilsigh an tAire Stáit tuarascáil aréir ar dhul chun cinn an rialtais maidir le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa tréimhse 2010-2013. "Tuarascáil Widgery na Gaeilge" atá tugtha ag Ó Cuív ar an tuarascáil!

Éist anois

Póilín Ní Chiaráin - i mBéal Feirste.

Tá achainí déanta ag rialtais na hÉireann agus na Breataine ar an Ord Oráisteach athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuid iarrachtaí máirseáil thar cheantar náisiúnach Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Éist anois

Tomás Mac Simeoin.

Maraíodh beagnach 80 duine i dtimpist treanach i Santiago de Compostela in iar-thuaisceart na Spáinne aréir. Oilithrí ab' mhó a bhí ar an traen, a bhí faoi bhealach go Santiago do lá Pátrún Naomh Séamus.

Éist anois

Seán Ó Tuairisg - Comhairleoir Contae .

Tá sé molta ag Comhairle Contae na Gaillimhe go mbunófaí coiste sóch-eacnamaíochta le roinnt mhaith de na dualgais a bhí ar na comhlachtaí forbartha áitiúil agus ar an mBord Forbartha Contae a ghlacadh orthu fhéin. Níl aon ghlacadh ag Ó Tuairisg leis an moladh.

Éist anois

Cáit Uí Chonaill - Bainisteoir Eagras Forbartha na Dromad.

Tá ócáid nua á beartú ag muintir na Dromad in Uibh Rathach, d'imeachtai an Tostail i gCiarraí i mbliana: "Ceiliúradh Oidhreacht agus Cultúr na Dromad".

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha

Sceideal Féach sceideal