Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé hAoine 19 Iúil 2013

Éist anois

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

John Downing - Tráchtaire polaitíochta.

An rialtas le fógra a dhéanamh ar maidin faoi chruthú fostaíochta. An reachtaíocht ginmhilleadh le críochnú sa Seanad ag tús an seachtaine seo chugainn.

Éist anois

Dr. Donncha O Grádaigh-Dochtúir Ospidéil.

Imní go bhfuil ciorraithe déanta ar go leor seirbhísí i nOspidéal Réigiúnach Phort Láirge de bharr cosc ar earcú foirne.

Éist anois

Liam O Culbaird- Cumann Náisiúnta na n-Uaigheanna

Dearca Chumann Náisiúnta na n-Uaigheanna ar na socraithe le caomhnú a dhéanamh ar 14-17 Sráid an Mhúirigh i mBaile Átha Cliath mar láthair náisiúnta i gcuimhne ar laochra na Cásca 1916.

Éist anois

Bob Collins-Cathaoirleach BAI.

Moltaí foilsithe inne ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) i leith airgeadú na seirbhíse craoltóireachta poiblí sna chúig bhliana seo romhainn .-RTE agus TG4 agus RnaG san airimh.

Éist anois

Aodán Mac Donncha-coiste bóithre ,Gaillimh.

An t-eolas is deireanaí atá faighte ag coiste bóithre agus iompair Chomhairle Contae na Gaillimhe faoi chuar bhóthar nua na Gaillimhe atá in ainm tosú faoin mbliain 2019.

Éist anois

Pat the Cope O Gallchóir Feisire Eorpach.

An bhuntáiste a bheas ag iarthar na tíre as scéim iascaireachta Eorpach nua de chalafoirt .

Éist anois

Seán O Conaill-Léachtóir le dlí.

An phlé a deir gur chóir don Uachtarán Acht Cosanta na Beatha le linn Toircheas a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí chomh luath agus a bhíonn sé rite ag an Dáil agus ag an Seanad .

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal