Adhmhaidin

Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

adhmhaidin@rte.ie

Adhmhaidin Déardaoin 18 Iúil 2013

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

John Downing -Tuairisceoir Polaitíochta.

Vótáil i Seanad Éireann aréir ar an reifreann le deire a chur leis an Seanad ; An Dáil dá scor inniu don samhradh. An Seanad ag leanacht leis an díospóireacht ar reachtaíocht an ghinmhilleadh.

Seán O Céilleachair, Comhairleoir Contae.

Seisiún eolais i gCorcaigh inné faoin staidéar atá ar siúl ar na fadhbanna tuilte a bhí ansin le cúpla bliain.

Brendan Murray, Iorras , Maigh Eo.

Scannán dá thaispeáint in amharclann faoin aer anocht i mBéal a Mhuirthid mar chuid de Fhéile Iorrais i Maigh Eo .

Uinsionn Mac Dubhghaill, léachtóir le cúrsaí cumarsáide.

Tuarascáil ó Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) faoi airgeadú na craoltóireachta poiblí - Ráiteas an Aire Cumarsáide . Craoltóireacht na Gaeilge -Raidio Na Gaeltachta agus TG4 agus a bhfuil in ann de sheirbhís raidió thre mheán na Gaeilge.

An tAth. Pádraig O Neachtain , Capetown.

Ceiliúradh mór san Affric Theas inniu ar bhreithlá Nelson Mandela a bhfuil 95 bliain slánaithe aige .Ach cén chaoi a bhfuil a shláinte?.

Noirín Ní Mhaoldomhnaigh , Comharchumann Árainn Mhór.

Comharchumann Aran Mhór míshásta lena socraithe cáin bóthair atá ar charranna an oileáin. Ní cheadaíonn an cháin dheoibh na carranna a úsáid ar bhóithre ar an mórthír.

Dr. Darach O Ciardha , Coláiste na ndochtúirí teaghlaigh. (ICGP).

Urlabhraí dochtúirí Choláiste an ICGP atá ag eirí as cláracha cúraim cliniciúil de dhaoine a bhfuil deacrachtaí sláinte ar leith acu .

Adhmhaidin

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

adhmhaidin@rte.ie

+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623 
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114 
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís