Adhmhaidin Dé hAoine 21 Meitheamh 2013
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
An t-Aire Airgeadais, Michael Noonan, ina Chathaoirleach ar chruinniú d'Airí Airgeadais an Aontais Eorapaigh i Luxembourg inniú, agus súil go dtiocfar ar shocrú faoi chóras le bancanna a bhfuil ag cliseadh orthu, a dhúnadh de réir a chéile.
San ainilís atá déanta ar Chatagóirí na nGaeltachtaí de réir daonáireamh 2011 & figúirí Scéim Labhairt na Gaeilge 2010/2011, léirítear nach bhfuil aon cheantar i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh a shásódh an critéir le Catagóir C fiú a bhaint amach.
Altraí ón institúit atá ar a mbealach go dtí an Ind le páirt a ghlacadh i dtógra tithíochta agus oideachais i gceantair atá bocht.
Beidh sé ag vótáil i bhfábhar an Bhille Um Chosaint na Beatha le línn Toirchais.
An Táinaiste Eamonn Gilmore ag rá ar maidin go bhfuil sé dóchasach go mbeidh an reachtaíocht faoin mbille um chosaint na beatha le línn toirchais bailithe tríd an Dáil faoi dheireadh na míosa seo chugainn.
Ritheadh rún ag cruinniú cínn bhliana Chomhlacht Forbartha an Spidéil , ag moladh deireadh a chur leis an bpróiseas a bhaineann le bóthar nua as Bearna go Scríb agus go dtabharfaí cuarbhóthar na Gaillimhe anois amach chomh fada leis an Spidéal.
Cómóradh JFK ag teacht go hÉirinn 50 bliain ó shin ag leanacht ar aghaidh. Caroline Kennedy ag tabhairt cuairt ar a baile dúchais i mBrú na nDéise i Luimneach inniu.
adhmhaidin@rte.ie
+353 91 506629
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: Neasa Ní Chualáin, Pól Mac Donncha