Adhmhaidin

08:00 - 09:00 Luan - Aoine / Mon-Fri

Adhmhaidin Dé Céadaoin 19 Meitheamh 2013

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin

Éist anois

John Downing Tráchtaire Polaitíochta.

Cruinniú rialtais inniu agus plé á dhéanamh ar cháinaisnéis 2014. Tá Príomh-Aire na Seapáine ag tabhairt cuairt ar an Taoiseach i dtithe an Rialtais i mBaile Átha Cliath.

Éist anois

Deirbhile Nic Craith ón INTO.

Tá glactha ag ceardchumann an INTO le moltaí chomhaontú Bhóthar Haddington.

Éist anois

John Breen Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Chiarraí.

Tá Comhairle Contae Chiarraí i gcomhar le Fáilte Éireann agus Go Kerry ag cur tús le hobair ar straitéis turasóireachta do Chontae Chiarraí.

Éist anois

Póilín Ní Chiaráin Tuairisceoir i mBéal Feirste.

Ag cur síos ar an tairbhe a bhéas le fáil ag Tuaisceart Éireann as imeachtaí an G8 a bhí ar bun le dhá lá i bhFear Manach.

Éist anois

Bláthnaid Ní Ghréacháin Príomhfheidhmeannach Ie Gaelscoileanna .

Mar chuid d'athbhreithniú an rialtais ar liúntais a híocadh le hoibrithe sa tseirbhís phoiblí, cuireadh deireadh ó 1ú Feabhra i mbliana leis an liúntas as múineadh trí mheán na Gaeilge chomh maith leis na liúntais Ghaeltachta agus oileánda.

Éist anois

Seosamh Mac Donncha Príomhfheidhmeannach Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.

Rinne Seosamh Mac Donnacha impí ar an gCoiste a chinntiú go leanfar leis an scéim scoláireachtaí Gaeilge agus leis na cúrsaí iascaireachta a bhíonn ar bun ag an gCoiste i gceantar Chonamara. Labhair sé freisin faoin ainm nua a bhéas le tabhairt ar Ionad VTOS i Ros Muc.

Éist anois

Mícheál Ó hÉanaigh Stiúrthóir Phleanáil Cultúir agus Fiontair Chomhairle Chontae Dhún na nGall.

Tá deontais de €1.3m curtha ar fáil ag Ciste InterReg le hathchóiriú a dhéanamh ar dhá theach solais i nDún na nGall lena n-úsáid mar áiseanna turasóireachta; sin iad Tithe Solais Cheann Fhánada agus Phointe Charraig an

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers.

Adhmhaidin

Clár is deireanaí

Súil Siar

Adhmhaidin ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Meitheal léirithe/Production Team: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal