Welcome to RTÉ Radio
RTÉ Raidió na Gaeltachta Podcast Archive
De bharr athruithe foirne in RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh ciorrú suntasach ar líon na bpodchraoltaí a bheidh ar fáil. Tá súil againn gur athrú sealadach atá anseo, ach go dtí go bhfógrófar a mhalairt, is é Adhmaidin an t-aon chlár a mbeidh podchraoladh ar fáil dhó. Ár leithscéal leis an lucht éisteachta mar gheall air seo.
AGALLAIMH ÓN ARD-CHATHAIR - Liostáil
Clár comhrá á chur i láthair ó Bhaile Átha Cliath.
AMHARCLANN NA NÓG - Liostáil
Rinneadh coimisiúnú ar cheithre dhráma raidió nua-scríofa don tsraith seo - Bábóga le hÉilís Ní Dhuibhne, Rian Fir le Dairena Ní Chinnéide, Clé Deas le Biddy Jenkinson agus Na Blípeanna le Maria Ní Mhurchú, agus is iad aisteoirí ón gcompántas Amharclann na nÓg i gCorca Dhuibhne a bheidh le cloisteáil i mbun a gceird sna drámaí seo. Léiritheoir sraithe: Jeaic Ó Muircheartaigh.
AN SAOL Ó DHEAS - Liostáil
Clár irise an Deiscirt á chur i láthair ag Helen Ní Shé / Mícheál Ó Sé / Aogán Ó Muircheartaigh agus á léiriú ag Dara Ó Cinnéide. Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan
ARDTRÁTHNÓNA- Liostáil
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.
BARRSCÉALTA - Liostáil
Clár iris an Tuaiscirt á chur i láthair ag Áine Ní Churráin agus á léiriú ag Colm Ó Dúlacháin. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an gclár, mar aon le scéalta as na sé chontae, an Cabhán agus Muineachán.
BLÚIRÍN BLASTA - Liostáil
Is clár cócaireachta é Blúirín Blasta faoi stiúir an chócaire agus an saineolaí bia, Máirín Uí Chomáin. Beidh Máirín ag réiteach miasa éagsúla agus ag cur comhairle ar éisteoirí maidir le bia folláin, le béim ar bhéilí atá sláintiúil ach éasca le réiteach a bhaineann úsáid as glasraí agus torthaí atá i seasúr. Beidh sí ag cuimhneamh go háirithe ar mháthaireacha atá ag obair taobh amuigh den bhaile agus í ag moladh béilí a bheadh feiliúnach don reoiteoir. Láithreoir: Máirín Uí Chomáin, Léiritheoir: Bríd Ní Chualáin.
Bóithrín na Smaointe - Liostáil
Sa tsraith seo caithfidh Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh súil siar ar chraoladh RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 1972 i leith, agus beidh cur síos aige freisin ar mhórimeachtaí na linne seo mar a thit siad amach.
CARTLANN BHÓTHAR NA LÉINSÍ - Liostáil
Cartlann Bhóthar na Léinsí á chur i láthair ag Aogán Ó Muircheartaigh Glórtha ó chartlann Bhóthar na Léinsí idir chaint, cheol, spóirt, filíocht, léachtaí agus go leor eile.
COIS LAOI - Liostáil
Cois Laoi á chur i láthair ag Jeaic Ó Muircheartaigh. Cíortar scéalta a bhaineann le cathair agus contae Chorcaí ar an gclár chomh maith le hagallaimh agus dreasanna ceoil ó cheoltóirí agus amhránaithe ó am go chéile.
COIS CUAIN - Liostáil
Sraithdhráma raidió bunaithe ar eachtraí an bhaile bhig Cois Cuain.
CÉIM AR CHÉIM - Liostáil
Díríonn an sainchlár seo ar an earnáil oideachais trí chéile, earnáil a bhfuil borradh ar leith fúithi le blianta beaga anuas.
Cuimhní Oireachtais - Liostáil
Súil siar ar chraoladh an Oireachtais ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta ó na seachtóidí i leith. Láithreoir agus léiritheoir: Neansaí Ní Choisdealbha.
DEARC - Liostáil
Clár ealaíon le Cearbhall Ó Síocháin a dhíríonn ar na dearcealaíona go háirithe, idir pheintéireacht chlasaiceach, nuaealaín ilmheáin, dhealbhadóireacht agus ealaín sráide, chomh maith le hamharclannaíocht agus scannánaíocht. Beidh Cearbhall i mbun agallaimh le healaíontóirí éagsúla maidir lena gceird agus lena saothair, ag trácht ar thaispeántais reatha agus ar fhéilte cuí. Láithreoir agus Léiritheoir: Cearbhall Ó Síocháin.
Eureka! - Liostáil
Clár eolaíochta atá dírithe ar dhaltaí san idirbhliain is ea Eureka! Tá téama faoi leith le gach clár sa tsraith, agus beidh mír seachtainiúil ann le comhlacht Gaeltachta atá ag baint usáide as an eolaíocht ina ngnóthaí, agus mír le hÉanna Ní Lamhna. Ar ábhair na gclár sa tsraith beidh an fuinneamh, an fhisic, réalteolaíocht agus an spás, an timpeallacht, ríomhaireacht, aeráid agus aimsir, sláinte agus leigheas, géineolaíocht (DNA srl) agus muireolaíocht.
Faoi Chaibidil - Liostáil
Beidh plé, díospóireacht, anailís pholaitiúil agus léirmheas ar na meáin Ghaeilge le cloisteáil sa tsraith cúrsaí reatha seo faoi stiúir Áine Ní Chiaráin agus beidh painéal rialta cuiditheoirí ag an gclár a chraoltar ó stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDomhnach Broc chomh maith le haoi-cholúnaí in aghaidh na seachtaine a thabharfaidh léargas pearsanta ar cheisteanna reatha polaitiúla agus cultúrtha.
FOCAL FAIRE - Liostáil
Pléann Beirní Ní Chuinn, Lillis Ó Laoire agus Máire Feiritéar gnéithe éagsúla de labhairt agus de scríobh na Gaeilge, faoi chathaoirleacht Mháire Ní Neachtain.
GLÓR ANOIR - Liostáil
Clár irise a dhíríonn ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge i gCúige Laighean, á chur i láthair ó stiúideo na seirbhíse i mBaile Átha Cliath ag Cormac Ó hEadhra. Léiritheoir: Seán P. Ó hÉalaí.
i-CLUB - Liostáil
Clár ar RTÉ Raidió na Gaeltachta é i-Club atá dírithe ar éisteoirí idir dhá bhliain déag agus naoi mbliana déag. Tá chuile ghné dá saol faoi thrácht sa gclár seo ag daltaí agus mic léinn dara agus tríú leibhéal. Iad féin atá le cloisteáil ag caint, ag ceol agus ag tuairimíocht faoin ngad is gaire don scórnach agus faoi na nithe is gaire don chroí. I measc na n-ábhar cainte a phléann muid, tá ullmhú don damhsa chinn bhliana (debs), cúrsaí bia agus sláinte, cúrsaí spóirt agus siamsaíochta mar aon le cúrsaí scoile agus ollscoile.
I gCEARTLÁR NA nDAOINE - Liostáil
Irischlár Mhaigh Eo ina gcíortar cúrsaí reatha agus scéalta a bhaineann leis an gcontae agus a pobal, á chur i láthair ó Chaisleán an Bharraigh ag Máirtín Mac Donnchadha.
I MEASC NA NDAOINE - Liostáil
Muintir an Deiscirt a bhíonn le clos ar an gclár seo agus iad ag cur síos do Mhícheál Ó Sé ar a saol agus a saothar: a n-óige, cúrsaí oibre agus oideachais, taisteal, spórt, tógaint clainne, creideamh agus fealsúnacht i leith na beatha. Láithriú agus Léiriú: Mícheál Ó Sé.
IRIS ANIAR - Liostáil
Irischlár an iarthair, ina gclúdaítear scéalta agus imeachtaí phobal an iarthair agus Ráth Cairn na Mí. Pléitear gach cineál ábhar ar an gclár, ó chúrsaí iascaireachta agus tithíochta go cúrsaí oideachais agus forbairt tuaithe, go cúrsaí siamsaíochta agus na healaíona chomh maith le hábhar ar bith eile atá tráthúil.
LÉITE PLÉITE - Liostáil
Scoth na nuascríbhneoireachta Gaeilge a bheidh faoi chaibidil ar an ngné-chlár seo ina mbeidh tuairimí, léirmheasanna, agallaimh, dréachta nuafhilíochta agus nuaphróis le cloisteáil. Coinneofar súil ar imeachtaí na bhfoilsitheoirí, leis, gan trácht ar na heagarthóirí irise. Beidh suim ar leith ag an gclár i saothair na scríbhneoirí nua atá ag teacht chun cinn.File, critic agus iar-Eagarthóir ar phríomh-iris liteartha na Gaeilge, Comhar, is ea Mícheál Ó hUanacháin. Iriseoir nuachta agus cúrsaí reatha le RTÉ le fada é.
MÍREANNA GRINN Ó CHARTLANN RAIDIÓ NA GAELTACHTA - Liostáil
Míreanna Grinn ó Chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta.
NUACHT A hAON - Liostáil
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.
OIDEAS AGUS OIDHREACHT - Liostáil
Seans le scoth na sraithe seo a chloisteáil a dhíríonn ar mhórimeachtaí cultúrtha, léinn, éigse agus seanchais ó cheann ceann na tíre. Cuireann meitheal léirithe na sraithe seo, i stiúideonna uile na seirbhíse, díol machnaimh ar fáil dár lucht éisteachta ó thaobh léachtaí, cainteanna, seimineáir agus imeachtaí cultúrtha den uile chineál.
Ó Cadhain i dTír Chonaill - Liostáil
Is ceiliúradh atá sa tsraith nua Ó Cadhain i dTír Chonaill ar sheanchaithe, ar amhránaithe agus ar cheoltóirí Thír Chonaill. Taifeadtaí stairiúla a rinne Pádraig Ó Baoighill, as Rann na Feirste ó dhúchas, agus an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain, as Conamara, i 1957 a bheidh sna cláracha agus beidh cuid de phearsana móra an cheantair le cloisteáil iontu, a bhformhór atá imithe anois ar shlí na fírinne.
Rileanna agus Teipeanna - Liostáil
Tarraingíonn Ríleanna agus Téipeanna ar shaibhreas na Cartlainne Gaeilge atá i seilbh RTÉ i nDomhnach Broc. Is ann a shaothraigh ceannródaithe an raidió in Éirinn a gceird: Séamus Mac Aonghusa, Proinsias Ó Conluain, Ciarán Mac Mathúna, Seán Mac Réamoinn gan ach cuid an bheagáin a lua.
ROGHA AN LAE - Liostáil
Scothchraoladh an lae.
ROGHA NA SEACHTAINE - Liostáil
Scothchraoladh na seachtaine in athuair gach maidin Shatharn.
RÓNÁN BEO - Liostáil
Mar a bhí ar an gclár go dtí seo, is féidir a bheith ag súil le héagsúlacht arís, idir shúgradh is dáiríre!
SBB ANIAR - Liostáil
Eagrán na hAoine de irischlár an iarthair agus súil siar á chaitheamh ar mhórscéalta agus ar imeachtaí na seachtaine mar aon le ceol, aíonna, tomhaiseanna agus duaiseanna.
Scéala Éireann - Liostáil
12 nóiméad atá i ngach clár sa tsraith staire seo a dhéanann cur síos ar mhór-eachtraí i stair na tíre. Cuirfidh staraithe gairmiúla na cláracha i láthair agus iad ag déanamh cur síos ar 1600 bliain de stair na hÉireann, ó theacht na Críostaíochta go dtí ré an tíogair cheiltigh. Is é Tomás Mac Con Iomaire, iar-Cheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, léiritheoir na sraithe, agus is é an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh an comhordnóir agus an comhairleoir scripte.
SEÓ BEO AN tSATHAIRN - Liostáil
Déanann Brídóg Ní Bhuachalla cathaoirleacht ar phainéal aíonna agus iad ag cíoradh na bpríomhscéalta i nuachtáin an lae agus ag díriú ar na scéalta móra atá ag dó na geirbe ag an bpobal trí chéile.
SLOINNE AGUS SEOLADH - Liostáil
Beidh stair áitiúil, logainmneacha agus ginealas ar chuid de na hábhair a bheidh faoi chaibidil ag Mícheál Holmes gach Domhnach ar Sloinne agus Seoladh. Láithreoir agus Léiritheoir: Mícheál Holmes.
SPÓRT AN DOMHNAIGH - Liostáil
Torthaí, tuairiscí agus tráchtaireacht ar chluichí agus imeachtaí spóirt an Domhnaigh.
